An mac scaiptheach - Brian Mac Amhlaoibh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bha[1] an dís mac ag an duine áirid. Dúirt an duine ab óige acu le a athair, "A athair, A athair. Tabhair, tabhair domh mo chuid. Tá mé ag dul ar shiubhal." Agus roinn seisean eatorr'... a mhaoin eatorr'. Chuaigh sé ar shiubhal. Agus bhí sé cúig bliana déag ar shiubhal nuair a tháinig sé ar ais. Agus char aith-... cha rabh aithne ag a athair air. Dúirt sé le a athair, "Mise do mhac a bhí caillte." Agus nuair a chluin a athair sin chuaigh sé amach agus scairt sé ar a chuid lucht seirbhísigh a theacht isteach. "Seo mo mhac a bhí caillte. Tháinig fo réir. Tabhraibh[2] isteach an lao biata. Marbhaibh é. Ithibh, ólaibh agus bíbh go súgach."

Aistriúchán

A certain man had two sons. The youngest one said to his father, "Father! Father! Give me my inheritance. I am leaving." And he divided his wealth between them. [The son] left. And he was gone fifteen years when he returned. And his father did not recognise him. And he said to his father, "I am your son who was lost." And when his father heard that, he went out and called for his servants to come in. "This is my son who was lost. He has returned willingly (?). Bring in the fatted calf. Kill it. Eat, drink and be merry."

Fonótaí

= bhí. (Back)
= Tabhraigí/Tugaigí. Faightear -ibh i nGaeilge na hAlban freisin. (Back)

Tráchtaireacht

Tá an insint seo de Pharabal an Mhic Dhrabhlásaigh (Lúcás 15:11-32) bunaithe ar aistriúchán a tugadh don chainteoir roimh ré. Cf. Peadar Ua Laoghaire, Na cheithre Soisgéil as an dTiomna Nua (BÁC, 1915), 191-2. Moladh don chainteoir an scéal a chur in oiriúint dá chanúint féin.

Tá trascríbhinn agus aistriúchán den rian seo le fáil freisin in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 290-1. Foilsíodh trascríbhinn ortagrafach agus trascríbhinn fhoghrúil in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 283. Tá leagan eile den scéal seo ón chainteoir chéanna le fáil in An tUltach 11:6 (1934), 1.

Teideal i mBéarla: The prodigal son
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Brian Mac Amhlaoibh as Co. Aontroma
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 22-09-1931 ag 15:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 22-09-1931 ag 15:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1202b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:15 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1202b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:15 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1202d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:14 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1202d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:14 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1202d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:14 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1202d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:14 nóiméad ar fad.