Siúd thall é! - Seán Mag Uidhir


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Buachaill[1] as an áit a tóigeadh mise, pósadh le cailín deas óg. Agus ní raibh sé ró-fhada pósta gur thit sé i gcoinsinsean.[2] Agus ní raibh leigheas ar bith ag na doctúirí dhó.

"Bhuel," arsa an bhean óg, "má gheibh tusa bás beidh mise marbh chomh luath leat... chomh luath leat."

"Ó, ní féidir sin," arsa an fear.

"Beidh (mar sin)," ar sise.

Tháinig deartháir[3] an bhuachaill chuig an bhfear tinn agus dúirt sé leis, "Tá talta agus toighthe anseo agad agus ba chóir duid do thiomna a dhéanamh agus gan é huilig a fhágáil ag an mnaoi óg."

"Och, níl gar ag caint air sin," ar seisean. "Beidh an mnaoi... Beidh an bhean óg marbh chomh luath liom féin."

"Bhuel," ar seisean, "beidh a fhios agad anocht cé hacu. Tá coileach mór Francach amuigh ansin," ar seisean, "agus lomfaidh mise anocht é, agus ní fhágfaidh mé gráinne air ach oiread le leac an tairsigh[4], agus ligfidh mé isteach ar an doras é eadar an dá sholas, agus beidh tusa in aon choirnéal amháin agus ise insa choirnéal eile. Agus nuair a déarfaidh sí 'Goidé sin ag teacht isteach?', ó, abair thusa gurb é an bás."

Rinne an fear mar a dúirt sé agus lig sé isteach an coileach Francach agus bhí sé ag síneadh a mhuinéil síos chuig an mbean óg. Agus chraith an bhean óg a lámh ar an coileach Francach agus, "Ní anseo an taobh ceart ar chor ar bith! Siúd thall é! Siúd thall é! Siúd thall é!"

Aistriúchán

There was a boy from the place I grew up who got married to a nice young girl. And he wasn't long married when he became consumptive. And the doctors had no cure for him.

"Well," said the young woman, "if you die I will be dead as soon as you... as soon as you."

"Oh, that can't be," said the man.

"It will be so," said she.

The boy's brother came to the sick man and told him, "You have land and buildings here and you ought to make a will and not leave all of it to the young woman."

"Och, it's pointless talking about that," he said. "The young woman... The young woman will be dead as soon as I am."

"Well," he said, "you'll know tonight one way or another. There's a big turkey-cock out there," he said, "and I will pluck it tonight, and I will leave it as bare as the threshold stone, and I will let it in the door at nightfall, and you will be in one corner and she will be in the other corner. And when she says 'What's that coming in?', oh, you say that it's death."

The man did as he was told and he let in the turkey-cock and it was stretching its neck down towards the young woman. And the young woman shook her hand at the turkey-cock and [said], "This isn't the right side at all! He's over there! He's over there! He's over there!"

Fonótaí

Leg. buachaille? Cf. Heinrich Wagner, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), 301, nóta 1. (Back)
= consumption. (Back)
Leg. deathrar? (Back)
= na tairsí. (Back)

Tráchtaireacht

Is leagan den scéal idirnáisiúnta béaloidis ATU 1345 Death for the old couple é an scéilín greannmhar seo. Baineann sé le bean chéile a deir gurbh fhearr léi féin bás a fháil ná a fear céile breoite a dhul in éag. Tástálann sé a dílseacht agus éan á ghléasadh suas aige faoi mar gurb é an Bás atá ann, agus nuair a fheiceann sí é síneann sí a méar i dtreo a fir chéile. Faightear ar fud na hEorpa é, agus tá roinnt samplaí de sa Mheánoirthear, sna Stáit Aontaithe agus san Afraic Theas. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Tá an cineál seo scéil, a bhfuil cúpla sampla againn ó áiteanna éagsúla ar fud na tíre, neamhchoitianta go maith in Éirinn. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968). Tá móitífeanna idirnáisiúnta béaloidis ann leis, K2065.1 Woman and sick husband agus J217.0.1.1 Trickster overhears man praying for death to take him . Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8).

Tá tras-scríobh déanta ar an mír seo in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 300-1, agus in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 304-7. Tá leaganacha eile leis in Nollaig Mac Congáil agus Ciarán Ó Duibhín, Glórtha ón tseanaimsir (Gleann an Iolair, 2009), 48-9, agus in Éamonn Ó Tuathail, Seanchas Ghleann Ghaibhle, forlíonadh le Béaloideas 4:4 (1934), 19-20.

Teideal i mBéarla: There he is there!
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Mag Uidhir as Co. an Chabháin
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 23-09-1931 ag 16:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 23-09-1931 ag 16:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1205d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:46 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1205d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:46 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1205b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:46 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1205b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:46 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1205d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:42 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1205d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:42 nóiméad ar fad.