Scéal Dhomhnaill Mhic Cionnaith - Eilis Ní Chleircín


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí Dónall 'ac Cionnaith lá amháin ar an mhargadh agus (theagmhaigh) sé do bhean agus d'fhiafraigh sí de... sí de an (ndarrnfadh)[1] sé baige mine daoi'. Agus dúirt sé go ndéanfadh agus fáilte. Agus arsa sise... Arsa seisean léithe, "Ar dhíol tú ar a shon?"

"Dhíol mé ar a shon!" ar sise.

"Bhuel, cha dtairrnidh mé... mo chapall beag punta de má tá sé díolta ar a shon. Cha dtarraing... cha dtarraing sé punta mine ariamh ach mine... ach mine nach rabh díolta ar a shon."

Aistriúchán

Donald MacKenna was at the fair one day and he met a woman and she asked him... she asked him if he would pull a bagful of meal for her. And he said he would be happy to do so. And she said... He said to her, "Did you pay for it?"

"I paid for it!" she said.

"Well, I... my horse won't pull a pound of it if it's been paid for. He never... he never pulled a pound of meal except meal... except meal that wasn't paid for."

Fonótaí

= dtarrnfadh/dtarraingeodh. Urú dúbailte? (Back)

Tráchtaireacht

Is éard atá san ábhar i mbailiúchán Doegen a bailíodh ó Eilis Ní Chleircín ná roinnt scéilíní gearra ar aon dul leis an scéilín thuas, a insíodh, is cosúil, mar scéilíní grinn nó chun siamsa a dhéanamh. Níl an chuma ar an scéal go bhfuil aon tábhacht níos mó ná sin leo ó thaobh an bhealoidis de.

Tá tras-scríobh ar an mír seo leis in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 286.

Teideal i mBéarla: The story of Donald MacKenna
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Eilis Ní Chleircín as Co. Dhoire
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 23-09-1931 ag 19:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 23-09-1931 ag 19:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1208d4, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:49 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1208d4, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:49 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1208b4, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:49 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1208b4, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:49 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1208d4, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:48 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1208d4, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:48 nóiméad ar fad.