Ortha an tinnis imlinn - Eoin Ó Cianáin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí Muire agus a Mac ag goil fríd an tír uair amháin agus scairt siad aige[1] toigh mór agus d'iarr siad lóistín oíche. Dúirt an bhean leofa nach rabh dóigh acu dófa, go rabh scuitseoir leofu ó mhaidin agus a (bhean fosta), nach rabh dóigh acu dófa.

"Coinnigh iad," a deir an fear. "Tá (áit dófa amuigh) sa cholg. (B'fhearr dófa ná luí amuigh). (Beidh sé te) sa cholg."

Choinnigh siad ansin iad agus eadra[2] sin agus maidin bhí an fear tinn agus bhí an bhean ar baoth. Cha rabh a fhios aici goidé a dhéanfadh sí agus chuaigh sí amach chun an... chun an choilg 'ucu agus d'ársaigh sí do na daoiní bochta go rabh a fear tinn agus nach rabh a fhios aici goidé a dhéanfadh sí. Thóg Mac Dé dornán den... den cholg agus thug sé daoi' é.

"Seo dhuid," arsa seisean. "(...) an eisir[3], agus cumail... cumail dó é.

'Fear cineálta agus bean bhorb,
Agus Mac Dé ina luí sa cholg.'

"Tóg suas an eisir agus cumail dó é agus beidh sé slán."

Aistriúchán

Mary and her Son were travelling through the land once and they called to a big house and asked for shelter for the night. The woman told them she couldn't accommodate them, that they had a scutcher with them since that morning, and his wife too, and that she couldn't accommodate them.

"Make a place for them," said the man. "There's room for them (?) in the rough straw. It would be better for them than sleeping outside. It will be warm in the rough straw."

They settled them there and between then and morning the man was sick and the woman was addled. She didn't know what to do and she went out to... to the rough straw and she told the poor people her husband was sick and that she didn't know what to do. The Son of God took a fistful of... of rough straw and he gave it to her.

"Here," he said. "(...) the bedding, and rub... rub it on him.

'A kind man and a fierce woman,
And the Son of God lying in the rough straw.'

"Lift up the bedding and rub it on him and he will be well."

Fonótaí

= ag. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 657. (Back)
= eadar/idir. (Back)
= easair. (Back)

Tráchtaireacht

Faightear orthaí, agus orthaí a bhaineann le deasghnátha leighis go háirithe, go coitianta i dtraidisiún na hÉireann. I mórán acu seo, glaotar ar phearsana reiligiúnacha agus ar naoimh. Is minic a fhaightear ina leithéid friotal doiléir nó ársa, nó tagairtí d'fhinscéal nó do scéal éigin a sholáthraíonn comhthéacs nó réamhchoinníoll a mhíníonn an cneasú atá san ortha, mar dhea. Is sampla fíor-choitianta i dtraidisiún na hÉireann é an sampla atá faoi chaibidil againn anseo, ina gcuireann scéal comhthéacs ar fáil d'ortha a deirtear a leigheasann greim nó tinneas boilg. Bíonn baint ag Íosa agus Muire leis an scéal de ghnáth, agus cuireann an ortha féin clabhsúr ar an scéal. Tá sé ársa go maith, agus insíodh in iarthar, i ndeisceart agus i lár na hEorpa é sna meánaoiseanna. Ar deireadh, is féidir é rianú siar go dtí traidisiún ársa na hÉigipte, agus is iad Ísis agus Óisiris na pearsana reilgiúnacha a bhí sa scéal, seachas Teaghlach Naofa na Críostaíochta. Féach Tekla Domotor, 'A type of Hungarian faith-healing charm and its background', Arv 28 (1972), 21-35.

Tá tras-scríobh ar an mír seo leis in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 291. Tá leagan eile den scéal i mbailiúchán Doegen á insint ag Brighid Ní Chaslaigh as contae Lú.

Teideal i mBéarla: The charm for colic
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Eoin Ó Cianáin as Co. Thír Eoghain
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 24-09-1931 ag 12:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 24-09-1931 ag 12:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1212d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:20 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1212d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:20 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1212b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:19 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1212b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:19 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1212d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:19 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1212d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:19 nóiméad ar fad.