Léasú Gobáin - Eoin Ó Cianáin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Chas dís fear ar an bhóthar ar a chéile lá amháin. Agus deir aon fhear amháin leis an fhear eile, "An bhfuil scéala úr ar bith inniu agad?"

"Níl focal."

"Nach dtiocfadh leat bréag féin a ársú?" arsa seisean.

"Cha dtiocfadh, maise."

"Thiocfadh liomsa," arsa seisean. "Char chuala mé aon scéal ariamh nach dtiocfadh liom leasú Gobáin a chur air."

"Bhuel, cha dtiocfadh liomsa sin a dhéanamh," arsa seisean. "Bhuel, bhí... Dóigheadh an fharraige aréir. An dtiocfadh leat léasú Gobáin a chur ar sin?"

"Thiocfadh, fosta," arsa seisean. "Chuaigh lód scadáin bruite dóite suas an bóthar inniu," arsa seisean, "a tháinig (as) (...) dhóite."

Aistriúchán

Two men met on the road one day. And one man said to the other man, "Have you any news today?"

"Not a word."

"Could you not even tell a lie?" he said.

"I could not, indeed."

"I could," said he. "I never heard a story that I couldn't improve on."

"Well, I couldn't do that," he said. "Well, there was... The sea burnt last night. Could you better that?"

"I could indeed," he said. "A load of burnt herring came up the road today," he said, "that came out of (?) (...) burnt."

Tráchtaireacht

Is cosúil gur leagan den scéal idirnáisiúnta béaloidis ATU 1920A The sea burns atá sa scéal gearr seo. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Tá an leagan seo féin bunaithe ar an móitíf idirnáisiúnta X908 Lie: sea has burned up. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8). Tá mórán samplaí den scéal seo, leaganacha eile ina measc, taifeadta i dtraidisiún na hÉireann faoin teideal 1920 Contest in lying. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki 1968). Tá tagairt ar leith sa téacs do rud a dtugtar 'leasú Gobáin' air. D'fhéadfadh sé gur tagairt é seo d'eipeasóid as an seanchas a bhaineann leis an nGobán saor, atá ina phearsa leathmhiotaseolaíoch. San eipeasóid seo, iarrann an Gobán ar a mhac an 'bóthar a chiorrú', nó sceál a insint dó, i bhfocail eile. Is dócha gurb é sin atá i gceist leis an tagairt anseo do 'leasú Gobáin', cumas inste scéil. Féach Dáithí Ó hÓgáin, Myth, legend and romance (Nua-Eabhrac, 1991), 242.

Tá tras-scríobh ar an mír seo leis in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 290, agus in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 218-19.

Teideal i mBéarla: The churl outwitted
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Eoin Ó Cianáin as Co. Thír Eoghain
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 24-09-1931 ag 12:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 24-09-1931 ag 12:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1212d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:46 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1212d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:46 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1212b3, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:47 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1212b3, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:47 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1212d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:46 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1212d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:46 nóiméad ar fad.