Bhí bean ann uair amháin - Eilis Ní Chleircín


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí seanbhean am amháin agus fuaigh sí aire[1] chéilí go Condae Thír Eoghain. Agus an toigh a chuaigh sí ann bhí dhá ghasúr ann. Agus bhí sí cosnochtaithe agus bhíodh (íceannú)[2] ar a cosa. Bhí dhá ghasúr insa toigh agus arsa aon ghasúr[3] amháin leis an cheann eile, "Fagh[4] an tua, a Phádraig, go ngearramuid na préataí beaga de na cosa aici."

Aistriúchán

There once was an old woman and she went to a céilí dance in County Tyrone. And there were two boys in the house she went into. And she was barelegged and there were warts on her feet. There were two boys in the house and one boy said to the other, "Get the axe, Patrick, so that we can cut the little potatoes off her feet."

Fonótaí

= ar. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 658. (Back)
= 'lumps'/'warts'/'bunions'? Cf. Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69) iml. 4, 286, n. 4, agus Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 344-5. Leg. iteannadh (malairt leagain ar an bhfocal faithneadh)? (Back)
Leg. an gasúr? (Back)
Leg. fogh? Cf. Seosamh Laoide, Sgéalaidhe Oirghiall (BÁC, 1905), 138. (Back)

Tráchtaireacht

Seo ceann de na scéalta i mbailiúchán Deogen a ndearnadh taifeadadh orthu as repertoire Eilis Ní Chleircín a insíodh, is cosúil, mar scéilíní grinn nó chun siamsa a dhéanamh. Níl an chuma ar an scéal go bhfuil aon tábhacht níos mó ná sin leo ó thaobh an bhealoidis de.

Tá tras-scríobh ar an mír seo leis in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 286, agus in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 344-5.

Teideal i mBéarla: There once was a woman
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Eilis Ní Chleircín as Co. Dhoire
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 24-09-1931 ag 13:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 24-09-1931 ag 13:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1213d5, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:33 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1213d5, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:33 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1213b5, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:34 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1213b5, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:34 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1213d5, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:32 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1213d5, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:32 nóiméad ar fad.