An fear a bhí ina chónaí fá mhíle de Bhaile Átha Cliath (cuid 1) - Jane Nic Ruaidhrí


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí fear ina chónaí fá mhíle de Bhaile Átha Cliath. (Théadh sé i gcónaí isteach 'na bhaile mhóir) ag cuartú bean is deabhal duine a thiocfadh leis a fháil. Cha rabh oiread bratógaí éadaigh air. Bhí sé (always ina chraiceann). Cha rabh oiread bratógaí éadaigh air (ag suireadh[1] craic agus spórt). Bhí sto-... lán stocaí d'ór aige. Cha rabh a fhios acu in Éirinn goidé an plan a chuirfeadh siad suas chun an t-ór a fháil de, stocaí óir. Bhí fear comharsan dena chuid féin is chuaigh sé isteach 'na bhaile mhóir a'n[2] lá amháin is chas sé ar bhuachaill. Deir sé leis, "Má níonn tusa rud a iarrfaidh mise ort gheo' mé tú... gheo' tú leathstocaí óir, gheo' tú leathstocaí óir."

"Dhéanfaidh[3] mise rud ar bith."

"Téigh isteach 'na tsiopa sin is ceannaigh culaith dheas cailín, is cuir ort é is abair leis an fhear go bpósfaidh tú é tráthnóna amáireach."

Rinn sé sin. Chas siad air an darna tráthnóna ag teacht isteach 'na bhaile mhóir go díreach ar a sheanléim.

"Seo cailín dhuid anois (le) pósadh."

"Buíochas do Dhia! Sin rud atá mise a chuartú le bliantaí, is cha(n fh)uil duine a thiocfadh liom a fháil. Níl duine astoigh, cailín nó bean, astoigh i mBaile Átha Cliath nach rachadh isteach ine[4] bpoll rat, nach scanróinn iad agus chráfainn iad. Bhuel, (siúlaigí) isteach ('un ' tsiopa seo) braom[5] le ól."

Chuaigh siad isteach. Shuigh sé cluadar leis an chailín. D'fhiafraigh sé daoi' an bpósfadh sí é.

"Pósfaidh mé tú."

"Bpósfaidh tú mé seachtain ó inniu?"

"Dhéanfaidh, dhéanfaidh."

"Bhuel, gheo' tú lán (an) stocaí d'ór má phósann tú mé." Bhuel, chuaigh siad ansin... "Má phósann tú mé seachtain ó inniu."

"Pósfaidh mé am ar bith thú mur mbeadh ór ar bith a'd[6]."

"Bhfuil binn a'd orm?"

"Tá mé tuitim as mo chuid éadaigh dhuid."

Rinn siad suas ansin go bpósfaí iad. Bhuel... seachtain ó inniu... Bhuel... I'm not too... Rinn siad suas ansin...

"Pósfaidh mé thú mur mbeadh ór ar bith a'd."

Bhuel... I forgot...

Aistriúchán

There was a man living within a mile of Dublin. He always used to go into the city (?) looking for a woman but he couldn't find any. He only had rags to wear. He was always threadbare. He was threadbare wooing, having fun and sport (?). He had a sock full of gold. They had no idea what plan they would come up with to get the gold from him, the sock of gold. There was a neighbour of his and he went into the city one day and he met a boy. He says to him, "If you do what I ask of you I will give you... you will get half a sock of gold, you'll get half a sock of gold."

"I'll do anything."

"Go into that shop and buy a nice woman's dress, and put it on and tell the man you'll marry him tomorrow afternoon."

He did that. They met him the following afternoon going into the city in the best of form.

"Here's a girl now for you to marry."

"Thanks be to God! That's something I've been looking for for years, and I couldn't find anyone. There's no one, no girl or woman in Dublin who wouldn't go into a rat hole, that I wouldn't scare or torment. Well, come into this shop (?), have a drop to drink."

They went in. He sat by the girl. He asked her if she would marry him.

"I'll marry you."

"Will you marry me a week from today?"

"I will, I will."

"Well, you will get a sock full of gold if you marry me." Well, then they went... "If you marry me a week from today."

"I'd marry you anytime even if you had no gold."

"Do you care (?) for me?"

"I'm falling our of my clothes for you."

They decided then that they would marry. Well... a week from today... Well... I'm not too... They decided then...

"I'd marry you even if you had no gold."

Well... I forgot...

Fonótaí

= suirí. Cf. Gerard Stockman agus Heinrich Wagner, 'Contributions to a study of Tyrone Irish,' Lochlann 3 (1965), 43-235: 133. (Back)
= aon. (Back)
= déanfaidh. (Back)
= i(n). Cf. 'anna' in Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 658; 'ine' in Seosamh Laoide, Sgéalaidhe Óirghiall (BÁC, 1905), 139. (Back)
= braon. Cf. braom, LA_1252d1 (Fánaid). (Back)
Cf. Stockman agus Wagner, op. cit., 210. (Back)

Tráchtaireacht

Tá cuid mhaith scéalta idirnáisiúnta béaloidis ann a phléann leis an ngoid agus is minic a bhíonn cealg nó cleasaíocht chasta mar chuid den phlota iontu seo. Is scéal dá leithéid, mar shampla, é ATU 1525 The master thief, mar aon leis an malairt leagain ilchineálach ATU 1525Z Other tales of thefts. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). D'fhéadfadh sé go bhfuil baint ag an scéal atá againn anseo leis na scéalta béaloidis sin, ós rud é go bhfuil ATU 1525 ar cheann de na scéalta is coitianta i dtraidisiún na hÉireann, agus go bhfuil samplaí de ann as gach cearn den tír. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968). Tá roinnt móitífeanna idirnáisiunta á n-úsáid, b'fhéidir, sa sampla seo, leithéidí K311.16 Thief disguised as girl, K1836 Disguise of man in woman’s dress, agus K1321.3 Man disguised as woman courted (married) by another man. Feách Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8).

Tá tras-scríobh ar an scéal seo leis in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 291, agus in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 234-7.

Teideal i mBéarla: The man who lived a mile from Dublin (part 1)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Jane Nic Ruaidhrí as Co. Thír Eoghain
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 24-09-1931 ag 17:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 24-09-1931 ag 17:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1215d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:52 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1215d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:52 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1215b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:52 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1215b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:52 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1215d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:52 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1215d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:52 nóiméad ar fad.