Bhí fear ins an áit seo chomh saidhbhir le Jew - Jane Nic Ruaidhrí


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí fear ins an áit so comh saibhir le Jew.
Cha rabh eagla air bha[1] Dhia ná bhan Deabhal.
Bhí deartháir bocht aige comh bocht leis an deoir
Is cha dtabharfadh sé screabóg de phreáta dó.
Thiocfadh sé a dh'amharc air go minic:
"Téigh thusa 'un Aifrinn Dé Domhnaigh!"
"Cha dtéimsa 'un Aifrinn ná 'un teampaill,
Níl eagla ormsa bha Dhia ná bhan Deabhal.
Tá airde cruach mhónadh d'ór agam."
Tháinig an bás dá iarraidh.
Tháinig a dheartháir bocht a dh'amharc air.
"Cuirigí fios ar an tsagart."
"Cha chuir(finnse) fios ar an tsagart.
Bhí mise ag an tsagart tá seacht mbliana ó shoin -
Dá ndéanfainnsa an breithiúnas aithrí a chuir sé orm
Cha déanfainnsa obair ar bith ins an áit.
Ach cuirigí fios ar an dochtúir -
Ársóchaidh sé dhomhsa an bhfuil an bás do mo iarraidh."
Na[2] tháinig an dochtúir dúirt sé nach déanfadh sé a'n ndadaí[3] dó,
Go rabh an bás dá iarraidh.
"Cén bheirt sin aige[4] do leaba?"
"Sin m'athair is mo mháthair.
Chonaic mé Ifreann is Flaithiúnas.
Cuirigí fios ar an tsagart."
Tháinig an sagart ansin.
Chuir sé ar siúl na deabhail,
Na deabhail dhubha ina slóití.
D'éag sé i lámha Rí na Glóire.

Aistriúchán

There was a man in this place as rich as a Jew.
He feared neither God nor the Devil.
He had a poor brother as poor as a church mouse
And he wouldn't give him a potato skin.
He would come to see him often:
"Go to Mass on Sunday!"
"I won't go to Mass or to church
I fear neither God nor the Devil.
I have the height of a stack of turf in gold."
Death came seeking him.
His poor brother came to look at him.
"Send for the priest."
"I wouldn't call the priest.
I was at the priest seven years ago -
If I did the penance he gave me
I wouldn't do any work in the place.
But send for the doctor -
He'll tell me death is looking for me."
When the doctor came he said he could do nothing for him,
That death was after him.
"Who are those two at your bed?"
"They're my mother and my father.
I saw Hell and Heaven.
Send for the priest."
Then the priest came.
He expelled the devils,
Swarms of black devils.
He died in the hands of the King of Glory.

Fonótaí

= . Cf. Gerard Stockman and Heinrich Wagner, 'Contributions to a study of Tyrone Irish,' Lochlann 3 (1965), 43-235: 156, 209. (Back)
= nuair a. Cf. Heinrich Wagner, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 294, téacs 5, n. 1. (Back)
= aon dadaí. (Back)
= ag. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 657. (Back)

Tráchtaireacht

Faightear móitíf seo an duine ag iompú ina chreidmheach agus é ar leaba a bháis arís is arís eile sa seanchas reiligiúnach agus tá roinnt cuntas ann ar pheacaigh aithreacha ag iompú ar chreideamh agus iad ar bhruach an bháis. Tá sampla luath den saghas seo ón gCríostaíocht le feiceáil i soiscéal Lúcáis, áit a gcuireann duine den bheirt ghadaí a céasadh ar an gcros in iúl go gcreideann sé go n-aiséireoidh Críost san am atá le teacht. Féach Lúcás 24: 39-43. Tá roinnt scéalta eiseamláireacha nó sceilíní mórálta ann ó na meánaoiseanna ina dtéitear i ngleic le téamaí dá leithéid; tá siad seo dulta isteach sa traidisiún béil, agus b'fhéidir gur uathu a tháinig an scéal seo. Sampla amháin dá leithéid, b'fhéidir, ná 4405 Sinner repents on deathbed, ina bhfeiceann fear atá i mbéal an bháis an diabhal ar thaobh na láimhe clé agus íomhánna neamhaí ar thaobh na láimhe deise. Féach Frederic C. Tubach, Index exemplorum (Helsinki, 1981).

Tá tras-scríobh leis ar an scéal seo in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 242-5. Cf. leis Gerard Stockman agus Heinrich Wagner, 'Contributions to a study of Tyrone Irish,' Lochlann 3 (1965), 43-235: 216-19.

Teideal i mBéarla: There was a man in this place as rich as a Jew
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Jane Nic Ruaidhrí as Co. Thír Eoghain
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 24-09-1931 ag 17:40:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 24-09-1931 ag 17:40:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1216d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:06 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1216d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:06 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1216b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:06 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1216b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:06 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1216d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:04 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1216d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:04 nóiméad ar fad.