Bríd Nic Cuarta agus an cat - Brian Mac Cuarta


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí aige[1] Bríd Nic Cuarta cat mór bán agus ba hiontach an cat seo i ndéidh luchógú[2]. Char d'fhág sé luchóg thart fá na toighthe nár mharbh sé. Nuair a bhí sin réidh aige thoisigh sé gá ngoid na héiní bheag[3] bhó[4] na cearca.

Bhí Séan[5] Óg Mhac Cuarta ina sheasamh aige cladh an gharr(aidh) coineascar amháin agus chonaic sé an cat ag teacht trasna agus éan leis ina mbéal[6]. D'ársaigh sé do na comharsanaigh agus (deir)[7] bean acu, "Ó, sin an buachaill a bhí ag tabhairt na cionnaí óga har[8] siúl. Char smaoinigh muinn[9] ariamh ar an cat."

Chruinnigh cúigear de na buachaillí thart ine[10] toigh amháin an oíche sin agus tharraing siad learógaí le haghaidh a fheiceáil gá hacu a bhéarfadh bás don cat. Thuit sé ar Séan Óg Mhac Cuarta.

Ar an darna coineascar chonaic sé an cat ag teacht arís agus cnapán maith éan leis ina mbéal. Síos leis chuige scioból Bríd, isteach ar sean-bhfuinneog dall a bhí insa bhalla go díreach ar son an cat a theacht amach agus isteach am ar bith a thiocfadh sé. Síos leis, Séan agus a chomráid a bhí aige, agus druid siad an sean-bhfuinneog le clocha. Fuair ga'n[11] duine acu bata ansin agus thoisigh siad i ndéidh an cat agus char stad siad gur mharbh siad é.

D'ársaigh buachaill de na comharsanaigh do Bhríd gur mharbhadh an cat breá a bhí aici.

"Ó, mo chat bán (glógach)! Gá hé a mharbh é?"

"Ó, cha dtig liom sin a hársaí duid. Má tá, duine inteach den chúigear a rinn é. 'Á mbeadh fios agam gá hacu, dhéanfainn ceol orthu!"

"Má tá, tá an scéal seo go maith go dtiocfaidh an Féile Bríde,
Nuair a bhíonns an sac líonta is na luchógaí ag teacht,
Bhí Mícheál agus Stíobhán ar an chúigear a mharbh mo chat."

Aistriúchán

Biddy MacCourt had a big white cat and it was a wonderful cat for chasing mice. He left no mouse around the houses that he didn't kill. When he had done that he began to steal the little chicks from the hens.

John MacCourt junior was standing at the garden wall one evening and he saw the cat coming across with a chick in his mouth. He told the neighbours and one woman said, "Oh, that's the boyo who was stealing away the little chicks. We never thought of the cat."

Five of the boys gathered together in one house that night and they drew lots to see which one of them would kill the cat. It fell to John MacCourt junior.

The next evening he saw the cat coming again with a fine lump of a bird in his mouth. Down he went to Biddy's barn, in through an old shady window that was positioned in the wall in such a way that the cat could go in and out whenever he wanted. Down he went, John and a friend of his, and they closed up the old window with stones. Each of them got a stick then and they set off after the cat and they didn't stop until they had killed him.

One of the neighbourhood boys told Biddy that her fine cat had been killed.

"Oh, my purring(?) white cat! Who killed him?"

"Oh, I can't tell you that. All I can say is, one of the five did it. If I knew which one, I'd make a song and dance of it!"

"Well then, all is well until Saint Bridget's Day comes,
When the sack is full and the little mice come,
Michael and Stephen were among the five who killed my cat."

Fonótaí

= ag. Bíonn siolla breise ag réamhfhocail i nGaeilge Oirthear Uladh go minic. Féach Heinrich Wagner, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 295. Chomh maith leis sin, úsáidtear an tríú pearsa uatha firinscneach de réamhfhocal in áit an réamhfhocail shimplí. Féach Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 657. (Back)
= luchóga. Cf. Mícheál Ó Mainnín, '"Goidé mar 's tá na fearaibh?": gnéithe de leathnú agus de fhuaimniú fhoirceann an tabharthaigh iolra sa Nua-Ghaeilge', Celtica 25 (2007), 195-224. (Back)
Leg. bhog? (Back)
= ó. (Back)
= Seán. Cf. Donn S. Piatt, 'Gaeilge Óméith', An tUltach 44:8 (1967), 10-11: 11. (Back)
Recte ina bhéal. Tá na claochluithe tosaigh trína chéile nó ar iarraidh ag an chainteoir seo. (Back)
Leg. d’ins? (Back)
= ar. (Back)
= muid. Cf. Hughes, op. cit., 656. (Back)
= i(n). Cf. 'anna' in Hughes, op. cit., 658; 'ine' in Seosamh Laoide, Sgéalaidhe Óirghiall (BÁC, 1905), 139. (Back)
= gach aon/gachan. (Back)

Tráchtaireacht

Is éard atá i gceist leis an gcaismirt mhagaidh sa bhéaloideas ná scéal a bhfuil prós agus véarsaíochta ann faoi seach. Malairt leagain den sórt seo scéil atá an-choitianta ná an rannscéal, ina mbíonn rann ag deireadh scéil próis a dhéanann achoimre air nó a chuireann clabhsúr ar a bhfuil sa scéal, i slí ghreannmhar go minic. Tá an-tóir ar a leithéid sa traidisiún Gaelach. Is cosúil go raibh an scéal tosaigh fada sa sampla seo agus go raibh dán cuíosach gearr ag a dheireadh. Féach Donald Haase (ed.), The Greenwood encyclopedia of folktales and fairytales (3 iml., Westport, Ct, 2008), iml. 1, 158.

Tá tras-scríobh ar an scéal seo leis in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 296.

Teideal i mBéarla: Biddy MacCourt and the cat
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Brian Mac Cuarta as Co. Lú
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 25-09-1931 ag 15:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 25-09-1931 ag 15:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1218d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:51 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1218d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:51 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1218b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:51 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1218b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:51 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1218d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:50 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1218d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:50 nóiméad ar fad.