A Neilí bháin, a théagar - Cáit Ní Ghuibhirín


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

A Neilí bhán, a théagar, agus a Neilí bhán a stór,
'Á dtiocfá thusa liomsa go coillidh dheas na gcnó
Bhéarfainn aer an bhaile mhóir dhuid agus thógfadh sé do chroí,
Is ag marcaíocht ár gcóistí ag goil bóithrí Baile Átha Buí.

An gcluin tú mise, a Neilí, ná fán amuigh go mall,
Ná coinnigh thusa cuideachta le (b)uachaill ar bith fán ghleann,
Beidh do chóta ag éirí gairid agus pian mhór in do dhroim,
Beidh do choispeán éadrom sciobalta, faraor, ag éirí mall.

Aistriúchán

O fair Nellie, my dear, and fair Nellie my darling,
Would you come with me to the fine nut woods
I'd show you the gaiety of the city and it would lift your heart,
And riding in our coaches on the roads of Baile Átha Buí.

Do you hear me, Nellie, don't stay out late,
Don't keep company with any boy in the glen,
You will outgrow your petticoat and have great pain in your back,
Your light quick footsteps, alas, will become slow.

Tráchtaireacht

Ar an taifeadadh seo canann Cáit Ní Ghuibhirín an chéad líne den amhrán grá seo agus aithrisíonn sí an chuid eile. Bhailigh Lorcán Ó Muireadhaigh leagan den amhrán seo uaithi i 1924. D'fhoilsigh sé leagan níos faide ina raibh ocht véarsa, mar aon le nodaireacht i sólfá tonach, in Amhráin Chúige Uladh (Dún Dealgan, 1927). Le haghaidh cliathnodaireacht den fhonn, chomh maith le hocht véarsa agus leabharliosta breise, féach an t-eagrán nua le Colm Ó Baoill de leabhar Uí Mhuireadhaigh: Amhráin Chúige Uladh (Indreabhán, 2009), 39-40, 107-10, 167-8. Luann Ó Baoill go bhfuil cosúlachtaí idir focail an amhráin agus focail na n-amhrán 'Mná Deasa Bhaile Loch Riabhach' (féach Mairéad Ní Annagáin agus Séamus de Chlanndiolúin, Londubh an Chairn (Oxford, 1927), uimh. 7) agus 'Neilí Bhán' (féach Eibhlín Bean Mhic Choistealbha, Amhráin Mhuighe Seóla (BÁC, 1919), 39). Castar an t-amhrán reibiliúnach 'Bold Jack O'Donoghue' leis an bhfonn céanna le 'Neilí Bhán' de ghnáth (féach Georges-Denis Zimmermann, Songs of Irish rebellion: Irish political street ballads and rebel songs (BÁC, 1966), 271).

Tá an t-amhrán seo tras-scríofa freisin in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 274.

Teideal i mBéarla: O fair Nellie, my dear
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Cáit Ní Ghuibhirín as Co. Lú
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 25-09-1931 ag 16:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 25-09-1931 ag 16:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1223d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:44 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1223d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:44 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1223b3, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:44 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1223b3, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:44 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1223d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:43 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1223d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:43 nóiméad ar fad.