Caitríon Ní Mhóra, an óigbhean mhaiseach - Máire Ní Arbhasaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Ó, a Chaitríon Ní Mhóra, an óigbhean mhaiseach
A thug barr deise ar Vénus,
Sí seo an chúileann mhúinte bhéasach,
A gile gan smúid a fuair cliú ban Éireann,
An fhaoileann óg is milse póg.
Caitríon Ní Mhóra (...),
(...) láidir,
Is minic a thug (cíos) ins an áit seo,
Ó, a lon dubh an tséin is na (gcraobh ildaite),
Is (í siúd) atá mé a ráitigh[1].

Aistriúchán

O, Caitríon Ní Mhóra, the beautiful young woman
Who was more beautiful than Venus,
She is the polite and mannerly fair maiden,
Her brightness without blemish famed above all the women of Ireland,
Young maiden of the sweetest kisses.
Caitríon Ní Mhóra (...),
(...),
Who often paid their due in this place,
Oh, blackbird of the good luck and the multi-coloured branches (?),
It is to her that I refer (?).

Fonótaí

= . Cf. Patrick S. Dinneen, Foclóir Gaedhilge agus Béarla (BÁC, 1927; athchló 1996), s.v. ráidhtigh. (Back)

Tráchtaireacht

Tá an chosúlacht air go mbaineann sé seo le dán níos faide a chum Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin dar teideal 'Seabhac Bhéal Átha Seanaidh'. Féach Tomás Ó Máille, Amhráin Chearbhalláin (Londain, 1915), 135-8, 292-3. Is féidir teacht air faoi theidil eile cosúil le 'Seabhac na hÉirne', 'Inghean Uí Mhórdha', agus 'Catríona Ó Mórdha'. D'fhoilsigh Énrí Ó Muirgheasa leagan den amhrán a léirigh, dar leis, an meath a bhí tar éis teacht ar an mbunamhrán de bharr seachadadh béil ó ghlúin go glúin. Féach Dhá chéad de cheoltaibh Uladh (BÁC, 1934), 62-3. Tugann James Hardiman cuntas faoin dán ina maíonn sé gur chum an Cearbhallánach é ar iarratas mar a deir sé ó 'the son of O'Reilly (who), returning from Leitrim, accidentally met the 'Fair daughter of O'More' near her father's residence.... Shortly afterwards, at an entertainment at the house of O'More, the youthful lover took an opportunity of reciting the ode accompanied by the music of the harp'. Féach James Hardiman, Irish minstrelsy (2 iml., Londain, 1831), iml. 1, 113-16. Tá go leor cuntas ann áfach atá ag teacht salach ar a chéile maidir le hábhar an dáin, rud a scrúdaíonn Donal O'Sullivan in Carolan: the life, times and music of an Irish harper (2 iml., Londain, 1958), iml. 2, 82-4. An tátal a bhaineann sé as ná go ndéanann an t-amhrán ceiliúradh ar phósadh Chathail Uí Dhomhnaill, mac leis an gCoirnéal Mánus Ó Domhnaill as Baile Uí Fhiacháin, contae Mhaigh Eo, le Caitríona Ní Mhórdha, neacht trí phósadh le Conchúr Ó Raghallaigh as Baile an Locha, contae na hIarmhí. Mínítear an téarma 'Seabhac na hÉirne agus Bhéal Átha Seanaidh' mar thagairt do shinsearach an fhir phósta, Niall Garbh Ó Domhnaill. Deir Edward Bunting faoin bhfonn a luaitear leis an dán gurb éard atá ann ná 'an altered composition of Rory Dall [Ó Catháin], being his Port Atholl'. Féach Edward Bunting, Ancient music of Ireland (BÁC, 1840), 91. Seinneann an cláirseoir Derek Bell an fonn 'Catríona Ó Mórdha' ar Carolan’s favourite (Ceirníní Cladaigh, 1979).

Tá an t-amhrán seo tras-scríofa freisin in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 332-3.

Teideal i mBéarla: Caitríon Ní Mhóra, the comely young lady
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Máire Ní Arbhasaigh as Co. Ard Mhacha
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 25-09-1931 ag 18:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 25-09-1931 ag 18:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1225d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:39 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1225d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:39 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1225b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:38 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1225b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:38 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1225d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:38 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1225d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:38 nóiméad ar fad.