Sé mo léan go bhfacha mé - Máire Ní Arbhasaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Sé mo léan go bhfacha[1] mé...

Sé mo léan go bhfacha mé dearg nó donn,
Sé mo léan go bhfacha mé bruach na dtonn,
Sé mo léan go bhfacha mé do chúla liom,
Ó, is a Chaití, a stór, tá mé breoite tinn.

Is a Chaití is tú a mhearaigh is tú a bhreoigh mo chiall,
D'fhág m'intinn ar mearú gachan lá le bliain,
Gur úirt[2] tusa liomsa is dúirt tú fá dhó,
Nach ndéantá mo mhalairt achoíche is go deoidh,
Is go bhfacha mé thusa le fear eile ag ól
Ar chúl an tor dreasóg is do ghloine in do dhorn.

"Ó," arsa an Dadaí is é ag ól an dí,
"Gheo' tusa Caití ar a stól ina suí,
Gheo' tusa Caití ar a stól ina suí,
Agus tabhair leat abhaile in do bhanríon[3] í."

Aistriúchán

Alas that I saw...

Alas that I saw red or brown,
Alas that I saw the seashore,
Alas that I saw your back to me,
Oh, and Kitty, my dear, I am weak and ailing.

And Kitty it was you who deranged and enfeebled my senses,
You left my mind bewildered every day for a year,
Until you told me and you told me twice,
That you would never ever have anyone but me,
And I saw you with another man drinking
Behind the bramble bush with a glass in your hand.

"Oh," said the Daddy as he took a drink,
"You'll find Kitty sitting on the stool,
You'll find Kitty sitting on the stool,
And take her home as your queen."

Fonótaí

= bhfaca. Cf. nár bhfacha, chan fhacha in Séamus Ó Searcaigh, Foghraidheacht Ghaedhilge an Tuaiscirt (Béal Feirste, 1925), 180-1; Gerard Stockman agus Heinrich Wagner, 'Contributions to a study of Tyrone Irish,' Lochlann 3 (1965), 43-235: 199. (Back)
= go ndúirt. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 650-1. (Back)
Cf. Alf Sommerfelt, 'South Armagh Irish', Norsk Tidsskrift for Sprogvidenskap 2 (1929), 107-91, § 184; Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 18. (Back)

Tráchtaireacht

Is leagan é seo d'amhrán a cumadh do Catherine Tyrell, a mhair gar do Bhealach an Tirialaigh, i gcontae na hIarmhí, sa 17ú haois. Is cosúil gurbh ábhar inspioráide í agus gur cumadh roinnt amhrán in ómós di ar a raibh teidil ar nós 'Caitlín Triall', 'Cití na gCuach' agus 'Caithí na gCiabh'. Luaitear na filí Séamus Dall Mac Cuarta, Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin agus Cathal Buí Mac Giolla Ghunna leis an mbean álainn seo agus ceaptar gur chum siad ar fad amhráin á moladh. Tá deacrachtaí ann áfach cumadóirí na n-amhrán éagsúil a chinntiú. Scríobhann Lorcán Ó Muireadhaigh go bhfuil na hamhráin seo sníofa agus measctha trína chéile sa traidisiún béil (Amhráin Chúige Uladh (Dún Dealgan, 1927). Féach an t-eagrán nua le Colm Ó Baoill, Amhráin Chúige Uladh (Indreabhán, 2009), 104-5. Rinne Ó Muireadhaigh taifeadadh fónagraif den Mháire Ní Arbhasaigh céanna atá againn anseo agus í ag casadh cúig véarsa den amhrán seo, agus a d'fhoilsigh sé gan nodaireacht cheoil in Amhráin Chúige Uladh. Tá na taifeadtaí seo ar coimeád anois i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá leagan Ní Arbhasaigh ar fáil freisin in An tUltach 1:10 (1924), 8. Thug Ó Muireadhaigh suntas do na cosúlachtaí leis an bhfonn a úsáidtear do 'Caithí na gCiabh' agus 'Caitlín Triall'. Tugann Donal O'Sullivan chun solais na cosúlachtaí idir 'Caitlín Triall' agus 'Éamann an Chnoic' (féach Donal O'Sullivan, The Bunting collection of Irish folk music (6 iml., Londain, 1927), iml. 1, 24). Scríobhann Róise Ní Bhaoill gur dócha gur cumadh an bunamhrán i dtosach sa 17ú haois déag (Ulster Gaelic Voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 328-9). Tá leagan eile den amhrán faoin teideal 'Caití na gCliabh' ach a chastar le fonn 'Caitlín Triall' le fáil in An Claisceadal 7 (1936), 8. Tá an t-amhrán seo tras-scríofa freisin in Ulster Gaelic voices, 328-9.

Teideal i mBéarla: Alas that I saw
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Máire Ní Arbhasaigh as Co. Ard Mhacha
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 25-09-1931 ag 18:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 25-09-1931 ag 18:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1225d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:08 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1225d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:08 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1225b3, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:07 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1225b3, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:07 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1225d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:06 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1225d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:06 nóiméad ar fad.