San am a bhí Naomh Colm Cille i dToraigh - Seán Ó Conaglaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

(An) am[1] a bhí Naomh Colm Cille i dToraigh tháinig meath ar a chailís agus chuir sé teachtaire léithe le í a fháil cóiriste[2] i mBaile Átha Cliath. Nuair a bhí an teachtaire leath bealaigh eadar Toraigh agus tír sheasaigh cosúlacht duine in airde ag taobh an churaigh. Chuir ceist air cá rabh sé ag goil. Dúirt sé... D'ins[3] sé an fhírinne dó, go rabh sé ag goil le cailís Cholm Cille le í a fháil cóiriste i mBaile Átha Cliath.

"Teispeáin[4] domh í," arsa an chosúlacht. Agus theispeáin sé dó í. Shéid sé a anáil uirthi agus chóirigh sé í agus d'iarr sé ar an teachtaire pilleadh go Toraigh, go rabh sí cóiriste agus ceist a chur ar Cholm Cille goidé an breithiúnas a bhéarfadh sé ar an té a chóirigh an chailís.

Phill an teachtaire go Toraigh agus d'ins do Cholm Cille goidé a casadh air, agus a bhí déanta, agus gur hiarradh air iarraidh ar Cholm Cille breithiúnas a thabhairt ar an té a chóirigh an chailís.

Dúirt Colm Cille, "Mo thrua agus mo nua[5], agus gan i ndán fuascailte dó anois ná go bráth."

Fuaigh sé amach go tóin an toighe agus d'ins sé don chosúlacht goidé dúirt Colm Cille. D'imigh an chosúlacht uadh[6] ag fáisceadh a dhá lámh is ag gol. Chuir an teachtaire ceist air cá rabh sé ag goil anois.

"Tá mé ag goil go dtí na Tonna Ceananna i dtaobh ó thuaidh de Albain go lá an bhreithiúnais mar i ndúil go dtabharfadh Dia deighbhreithiúnas orm an lá sin."

Aistriúchán

When Colm Cille was in Tory his chalice started to fall apart and he sent a messenger to get it repaired in Dublin. When the messenger was half way between Tory and the mainland the likeness of a person stood up on one side of the currach. He asked him where he was going. He said... He told him the truth, that he was taking Colm Cille's chalice to be repaired in Dublin.

"Show it to me," said the likeness. And he showed it to him. He blew on it with his breath and repaired it and he asked the messenger to return to Tory, that it was repaired and to ask Colm Cille what his judgement was on the person who repaired the chalice.

The messenger returned to Tory and told Colm Cille what he came across, and what was done, and that he was asked to ask Colm Cille to pronounce his judgement on the person who repaired the chalice.

Colm Cille said, "My sorrow and my woe, and he is not destined to be redeemed now or ever."

He went out to the lower end of the house and he told the likeness what Colm Cille had said. The likeness went away from him wringing his hands and crying. The messenger asked him where he was going now.

"I am going to Tonna Ceananna to the north of Scotland until Judgement Day in the hope that God will judge me favourably on that day."

Fonótaí

Cf. i n-am a rabh sinne ’n-ár ngasúir in Gearóid Stockman, The Irish of Achill, co. Mayo (Béal Feirste, 1974), 154. (Back)
= cóirithe. Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 18. (Back)
= inis. (Back)
= tafann. Cf. Heinrich Wagner, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 1, 295. (Back)
Leg. monuar? (Back)
= uaidh. Cf. Maeleachlainn Mac Cionaoith, Seanchas Rann na Feirste (BÁC, 2005), 180. (Back)

Tráchtaireacht

Tá gaol ag an scéal seo le sraith d'fhinscéalta a bhaineann le sióga agus lena bhfuil i ndán dóibh ag deireadh a saoil de réir an chreidimh Chríostaí. San fhinscéal imirceach ML 5050 The fairies’ prospect of salvation, tugtar cuntas ar shióga ag cásamh a bhfuil i ndán dóibh nuair a fhaigheann siad amach nach slánófar iad. Féach Reider Th. Christiansen, The migratory legends (Helsinki, 1958). Tá cineál eile finscéil ann, ML 5050ff, arb éard atá ann ná sraith scéalta mar gheall ar shióga agus a bhfuil i ndán dóibh tar éis a mbáis, ach tá na samplaí chomh héagsúil sin nár tugadh chun aontachta riamh iad in aon fhoirm amháin. Faightear an sampla anseo againne níos luaithe fós i mbéaloideas na hÉireann, ach ní sióg an créatúr osnádúrtha a fhaightear ann; is é a bhíonn ann ná an dia mara Ceilteach Mannanán mac Lir a dheisíonn cailís agus a fhaigheann amach cad tá i ndán dó ó Naomh Colm Cille. Tá cuntas ar an bhfinscéal in Charles Squire, Celtic myth and legend (Londain, 1905), 229. Tá sé le fáil leis in alt le David B. Spaan, dar teideal 'The place of Mannanán mac Lir in Irish mythology' in Folklore 76:3 (1965), 176-95: 193. Tá leagan den scéal seo ón gcainteoir céanna in An tUltach 11:3 (1934), 4.

Teideal i mBéarla: When St. Colm Cille was in Tory
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Ó Conaglaigh as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 29-09-1931 ag 12:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 29-09-1931 ag 12:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1228d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:03 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1228d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:03 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1228b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:03 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1228b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:03 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1228d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:02 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1228d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:02 nóiméad ar fad.