Siubhán Ní Dhuibhir - Róise Nic Cumhaill


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Ó, agus d'éirigh mé ar maidin is ghluais mise 'un aonaigh mhóir,
Dh'ól is a dh'imirt mar dhéanadh mo dhaoiní romham,
Bhain tart ar an bhealach domh is shuigh mé féin síos a dh'ól,
Is a Shiubhán Ní Dhuibhir a d'ól mé féin luach na mbróg.

Ó, is a Shiubhán Ní Dhuibhir an miste leat mé a bheith tinn?
Mo bhrón is mo mhilleadh más miste liom tú a bheith i gcill,
Bróinte is muilte a bheith ag seinm ar thaobh do chinn,
'Gus cead a bheith in Iorras go dtaraí[1] síol Éabha 'un cinn.

Ó, agus tá bean agamsa is caithfidh sí píopa ar chlár,
Tá bean eile agam is caithfidh sí snaoisín a fháil,
Tá an treas bean agam is caithfidh sí iúmaráil a fháil,
'Gus mo léan géar orthu is doiligh domh a'n iúmaráil a fháil.

Ó, is a chuach na finne má d'imigh tú ó do nead,
Siar go hIorras an áit a gcónann[2] an éanlaith seal,
' Ghirseach bheag bheadaí bíos[3] ag reathaigh[4] i ndéidh na bhfear,
Scríobh chugam go tapaidh ar cosúil liom féin do mhac.
Chuirfinnse litir leis an teachtaire chéanna ar ais
Nach dtear'[5] mé an tsiocair (á) mbeadh agam níon ná mac.

Ó, is nach trua libh capall ar iomaire amháin gan féar,
Nach trua libh leanbh is gan bainne ag a mháithrín féin,
Nach trua libh mise is mo ghrá ag goil ar an tsáile anonn,
Ó, chóireochainn leabaidh agus luífinn gan léinidh leat.

Ó, agus thiar in Iorras go deimhneach tá grá mo chroí,
Planta an linbh nach bhfeileann mo phósadh léi,
Beir scéala uaim aici agus inis gur phóg mé a béal,
Is go dtabharfainn ceann eile dá ngeallfadh siad bóla(cht) léi.
Beir scéala uaim aici agus inis nach bpósaim[6] í,
Agus bíodh sin aici is 'ach duine ar a chomhairle féin.

Ó, agus saighdiúir singilte mé a d'imigh as gábh an rí,
Gan aon phínn agam a bhéarfainn ar chárta dí,
Bhuailfinn an druma agus sheinnfinn ar chláirsigh chaoin,
Is ar Currach Chill Dara (do) scar mé le grá mo chroí.

Aistriúchán

Oh, and I got up this morning and I went to the big fair,
To drink and make sport as my people before me did,
I grew thirsty on the way and I sat down to drink,
And Susan Dwyer I drank the price of the shoes.

Oh, and Susan Dwyer do you mind that I'm sick?
My sorrow and my downfall that I don't care if you are in the grave,
With quernstones and mills ringing on the side of your head,
And permission to be in Erris until Eve's descendants come forward (?).

Oh, and I have a woman who smokes a pipe,
I have another woman and she has to have snuff,
I have the third woman and she has to be humoured,
And my woe to them all, it is hard for me to be humoured.

Oh, fair cuckoo if you went from your nest,
West to Erris where the birds live for a while,
Haughty little girl who runs about after men,
Write to me quickly, is your son like myself.
I would send a letter back with the same messenger
That I didn't do the deed that would leave me a daughter or son.

Oh, don't you pity a horse on one ridge without grass,
Don't you pity a child whose mother has no milk,
Don't you pity me with my love going overseas,
Oh, I'd make a bed and I'd lay shirtless with you.

Oh, and my heart is indeed west in Erris,
Fine comely child whose marriage to me doesn't suit,
Take a message to her and tell her that I kissed her mouth,
And that I would give another one if they promised a dowry with her.
Take a message to her and tell her that I will not marry her,
And let her have that, and may everyone do as they like.

Oh, I am a private soldier who left the king's army,
Without a penny that I could spend on a quart of drink,
I would beat the drum and play on a gentle harp,
And on the Curragh of Kildare I parted with the love of my life.

Fonótaí

= dtaga/dtige. Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 49. (Back)
= gcónaíonn. Cf. Ó Baoill, op. cit., 21. (Back)
Cf. Ó Baoill, op. cit., 27-8. (Back)
I.e. ag rith. Cf. Seosamh Laoide, Cruach Chonaill (BÁC, 1913), 162; 'reathaidh' in Patrick S. Dinneen, Foclóir Gaedhilge agus Béarla (BÁC, 1927; athchló 1996). (Back)
= dtearn/ndearna. Cf. Ó Baoill, op. cit., 52. (Back)
I.e. bpósfaidh. Cf. Ó Baoill, op. cit., 120. (Back)

Tráchtaireacht

Is amhrán an-choitianta é seo i gcúige Uladh agus in áiteanna i gcúige Chonnacht. Baintear úsáid as an bhfonn céanna in amhráin eile ar fud na hÉireann agus tá leaganacha difriúla le fáil faoi theidil éagsúla in Charles Villiers Stanford (eag.), The complete collection of Irish music as noted by George Petrie (Londain, 1902), uimhreacha 421, 594, 1440, 1517, agus in P.W. Joyce, Old Irish folk music and song (BÁC, 1909), uimhreacha 339, 370. Freagraíonn an véarsa deireanach ar an taifeadadh seo agus an chéad véarsa den amhrán Muimhneach 'An Saighdiúirín Singil' dá chéile. Foilsíodh é seo in Béaloideas 11 (1941), 54. Foilsíodh freisin é faoin teideal 'An Sayidiúirín Shingil' in The Journal of the Folk Song Society 6 (Eanáir 1920), uimh. 23. Tá leaganacha eile i gcló sna foilseacháin seo a leanas: Eibhlín Bean Mhic Choisdealbha, Amhráin Mhuighe Seóla (BÁC, 1919), 124; Lórcán Ó Muireadhaigh, Amhráin Chúige Uladh (Dún Dealgan, 1927; eagrán nua le Colm Ó Baoill: Amhráin Chúige Uladh, Indreabhán, 2009), uimh. 7; Éinrí Ó Muirgheasa, Dhá chéad de cheoltaibh Uladh (BÁC, 1934), 53-4; Irisleabhar na Gaedhilge 4:37 (Feabhra 1891), 75; John Noel Hamilton, A phonetic study of the Irish of Tory Island, Co. Donegal (Béal Feirste, 1974), 87-90; Seosamh Laoide, Duanaire na Midhe (BÁC, 1914), 36.

Tá an t-amhrán seo tras-scríofa freisin in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 192-5.

Teideal i mBéarla: Susan Dwyer
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Róise Nic Cumhaill as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 01-10-1931 ag 11:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 01-10-1931 ag 11:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1243d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:55 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1243d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:55 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1243b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:55 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1243b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:55 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1243d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:54 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1243d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:54 nóiméad ar fad.