An draighneán donn (cuid 1) - Pádraig Ó Baoighill


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

(Síleann) céad acu gur leo féin mé nuair a ólaim dram,
Théid dhá[1] dtrian síos liom nuair a smaointim[2] ar a gcomhrá liom,
(Com is míne aici) fá dhó ná an síoda atá ar Shliabh Uí Fhloinn,
Tá mo ghrá-sa mar bhláth na n-áirní atá ar an draighneán donn.

Aistriúchán

A hundred of them think that I am theirs when I drink a dram,
Two thirds of them go away(?) when I think of their conversations with me,
Her waist (?) is twice smoother that the silk on O'Flynn's Mountain,
My love is like the sloe-blossom on the blackthorn bush.

Fonótaí

Leg. dheá? (Back)
Leg. smaoitim? Cf. Maeleachlainn Mac Cionaoith, Seanchas Rann na Feirste (BÁC, 2005), 171. (Back)

Tráchtaireacht

Is é atá i gcodanna 1 agus 2 den taifeadadh seo ná leagan den 'Draighneán Donn', amhrán a bhfuil an-aithne air ar fud Éireann. Is minice a luaitear é le hiarthar na hÉireann cé go ndúirt Dubhghlas de hÍde an méid seo a leanas faoi: 'Is fíorchaoin milis an t-abhrán é seo thuas, agus níl áit ar bith de'n tír nach bhfuil sé le fágháil fós, agus tá sé chomh coitcheann i mBeurla a's atá sé i nGaedhilg, acht ní bhfághmaid i gcómhnuidhe na bhéarsaí ceudna ann'. Féach Abhráin grádh Chúige Connacht; or Love songs of Connacht (BÁC, 1893), 32. Tá go leor leaganacha éagsúla den amhrán seo ann i nGaeilge agus i mBéarla. Tá leaganacha ann ó dhearcadh an fhir agus ó dhearcadh na mná araon. D'fhoilsigh Charlotte Brooke leagan de in Reliques of Irish poetry (BÁC, 1789) agus d'fhoilsigh Edward Bunting fonn dar teideal 'Droignan Dón' nó 'The Brown Thorn' in The general collection of ancient Irish music (BÁC, 1796), 2. Tá leaganacha luatha as cúige Chonnacht le fáil in James Hardiman, Irish minstrelsy (2 iml., Londain, 1831), iml. 1, 234-7, agus Dubhghlas de hÍde, Abhráin grádha Chúige Connacht, 30-3. Foilsíodh leagan as cúige Mumhan in John O'Daly, The poets and poetry of Munster (BÁC, 1849), 287-91, mar aon le haistriúchán le James Clarence Mangan. Tá leagan deich véarsa le fáil in Dónal O'Sullivan, Songs of the Irish (BÁC, 1960), 49-51. Le haghaidh leabharliosta agus dioscliosta breise féach Pádraigín Ní Uallacháin, A hidden Ulster: people, songs and traditions of Oriel (BÁC, 2003), 192, 515-16. Tá trí véarsa eile (.i. cuid 2) den amhrán seo le fáil ar rian ar leith i mbailiúchán Doegen.

Teideal i mBéarla: The brown thornbush (part 1)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó Baoighill as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 01-10-1931 ag 16:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 01-10-1931 ag 16:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1247d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:56 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1247d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:56 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1247b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:56 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1247b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:56 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1247d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:51 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1247d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:51 nóiméad ar fad.