Thíos ag teach an tórraidh/An cailín donn (cuid 2) - Pádraig Ó Baoighill


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí mé lá go ceolmhar[1] i ngleanntán is mé ag seoladh bó,
Tharlaigh orm an óig-mhnaoi is í cóirithe ins an éideadh chóir,
Bhí hata os cionn a clóca agus buclaí ina bróga thíos,
Ó, ba chosúil le mo stóirín í ná an réalt eolais a bhí ag goil romham sa tslí.
Bhí hata os cionn a clóca agus buclaí ina bróga thíos,
Ó, ba chosúil le mo stóirín í ná an réalt eolais a bhí ag goil romham sa tslí.

Thíos ag teach an tórraidh[2] chuir mise eolas ar mo chailín donn,
Bhí a gruaidhe mar a bheadh rósa is a béilín mar a bheadh siúchra donn,
Bhí mil ar bharr na gcraobh agus céir bheach ar bhun na gcrann,
Bhí iasc na finne ag léimnigh le pléisiúr mar bhí sí liom.

Ar éirí domhsa Dé Céadaoine dar liomsa go rabh an mhaidin fuar,
(Bhreathnaigh) mé mo stóirín ar an léana agus í (ag tiomáilt) uaim,
Dhruid mé le mo chéile mar i ndúil agus go (rachadh 'un suain),
Ó, is a Rí[3], nár dheas an féirín í an óigmhnaoi a d'imigh uaim.
Dhruid mé le mo chéile mar i ndúil agus go (rachadh 'un suain),
Ó, is a Rí, nár dheas an féirín í an óigmhnaoi a d'imigh uaim.

Mallacht Rí na hAoine ar an té adaí a bhain daom mo stór,
Nach ligfeadh ar a gaobhar mé lá saoire ná go moch Dé Luain,
Dá mbíodh sé ag cur go dtaradh[4] an díle is ag síochur de shneachta ó thuaidh,
Ó, a Rí dá bhfaighinn cead síneadh léi go mbeinn comh haobhúil[5] leis an eala ar cuan.
Dá mbíodh sé ag cur go dtaradh an díle is ag síochur de shneachta ó thuaidh,
Ó, a Rí, dá bhfaighinn cead síneadh léi go mbeinn comh haobhúil leis an eala ar cuan.

Aistriúchán

One day I was in a little valley merrily driving a cow,
I met with a young woman who was dressed nicely,
She wore a hat above her cloak and there were buckles in her shoes below,
Oh, she was more like my darling than the guiding star going before me along the road (?).
She wore a hat above her cloak and there were buckles in her shoes below,
Oh, she was more like my darling than the guiding star going before me along the road (?).

Down at the house of the wake I got to know my brown-haired girl,
Her cheek was like a rose and her little mouth like brown sugar,
There was honey on the tops of the branches and beeswax on the bottom of the trees,
The white(?) fish were leaping with pleasure because she was with me.

When I got up on Wednesday I felt that the morning was cold,
I saw(?) my love on the lawn(?) moving away from me (?),
I moved towards my companion in the hope that she would go to sleep (?),
Oh, and Lord, what a nice gift she was, the young woman who went away from me.
I moved towards my companion in the hope that she would go to sleep (?),
Oh, and Lord, what a nice gift she was, the young woman who went away from me.

The curse of the King of Friday on that one who took my love from me,
Who wouldn't let me near her on a holiday or on Monday early,
If it were raining until the deluge came and constanly snowing to the north,
Oh, Lord, if I could lay with her I would be as happy as the swan on the water.
If it were raining until the deluge came and constanly snowing to the north,
Oh, Lord, if I could lay with her I would be as happy as the swan on the water.

Fonótaí

Leg. ceolar? Cf. Séamus Ó Searcaigh, Foghraidheacht Ghaedhilge an Tuaiscirt (Béal Feirste, 1925), § 33. (Back)
= tórraimh. Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 69. Cf. tórradh in Patrick S. Dinneen, Foclóir Gaedhilge agus Béarla, (BÁC, 1927; athchló 1996), s.v. tórramh. (Back)
Cf. Ó Searcaigh, op. cit., § 278. (Back)
= dtigeadh/dtagadh. Cf. Maeleachlainn Mac Cionaoith, Seanchas Rann na Feirste (BÁC, 2005), 179. (Back)
= aoibhiúil. (Back)

Tráchtaireacht

Is amhrán grá é 'Thíos ag teach an tórraidh', nó 'Thíos ag teach an tórraimh', ina bhfuil an file dúnta i ngrá le cailín na gruaige doinne, rud a thugann an teideal malartach 'An cailín donn' don amhrán. Is amhrán coitianta é i nDún na nGall. Bhailigh an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh leaganacha de ó na hamhránaithe Gráinne Phroinnsíais, Meadhbha Tharlaidh Mhóir agus Máire John, as Rann na Feirste, a d'fhoilsigh sé in Amhráin Chúige Uladh (Dún Dealgan, 1927, uimhir 32. Féach an t-eagrán nua le Colm Ó Baoill: Amhráin Chúige Uladh, (Indreabhán, 2009), 88-90, 161, 186. Le haghaidh leaganacha foilsithe eile féach: Peter Kennedy, Folksongs of Britain and Ireland (Londain, 1975), 111; Nollaig Ó hUrmoltaigh, Ceolta Uladh 4 (Béal Feirste, 1975), 11; agus Mánus Ó Baoill, Ceolta Gael 2 (Corcaigh, 1986), 94. Ní hionann é agus an dán Muimhneach 'An Cailín Donn', a chum Séamas Ó Muimhneacháin. Féach Diarmaid Ó Muirithe, Cois an Ghaorthaidh, (BÁC, 1987), 35-6. Tá foinn den teideal 'An Cailín Donn' le fáil in Edward Bunting, A general collection of ancient Irish music (Londain, 1796), 15, agus P.W. Joyce, Old Irish folk music and songs (BÁC, 1909), 355, ach is cosúil nach mbaineann siad leis an bhfonn a chasann Pádraig Ó Baoighill anseo. Casann sé an véarsa tosaigh den amhrán seo in áit eile i mbailiúchán Doegen.

Teideal i mBéarla: Down at the house of the wake/The brown-haired girl (part 2)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó Baoighill as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 01-10-1931 ag 16:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 01-10-1931 ag 16:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1248d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:11 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1248d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:11 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1248b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 03:11 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1248b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 03:11 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1248d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:10 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1248d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:10 nóiméad ar fad.