Thug mé rúide go mullaigh na cruaiche/An bruach buí - Pádraig Ó Baoighill


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Thug mé rúide go mullaigh na Cruaiche
Is an dara rúide ' an tSléibhe Ruaidh,
Ruaig ar an chailín a d'fhág m'intinn buarthaí
(...) mar gheall ar mhnaoi.

Rop mo ghlúine go dtí mo ghuailleacha
Is fuair mé fuagradh glan géar ón bhás,
Níl (aon duine) dár chualaidh mo scéal an lá sin
Nár úirt[1] gur thrua bocht an buachaill bán.

Fonótaí

= nach ndúirt. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 650-1. (Back)

Tráchtaireacht

Is mar chuid den amhrán an-aithnidiúil 'An Caisideach Bán' a chastar na véarsaí seo de ghnáth. Tá leaganacha Connachtacha den amhrán i mbailiúchán Doegen ó Mhary Costello (Gaillimh) agus ó Phádraig Ó Néill (Gaillimh). Luann Cathal Goan go bhfaightear na véarsaí atá ar an taifeadadh seo agus véarsaí as 'An Draighneán Donn' agus 'Mailí Mhómhar' le chéile go minic i nDún na nGall, áit a dtugtar 'An Gaiscíoch Bán' nó 'An Buachaill Bán' ar an amhrán. Féach Cathal Goan (eag.), Róise na nAmhrán: songs of a Donegal woman (RTÉ, 1994), 39. Casann Róise Bean Mhic Grianna ('Róise na nAmhrán') é faoin teideal 'Dá mBeinn i mo Bhádóir' ar an dlúthdhiosca seo. Casann Éamonn Mac Ruairí (Oileán Thoraí) agus Áine Uí Laoi (Gaoth Dobhair) leaganacha as Dún na nGall ar Seoda sean-nóis as Tír Chonaill (Cló Iar-Chonnacht, 1996), áit a bhfuil réamhnótaí agus téacsanna le Lillis Ó Laoire. Luann Ó Laoire (comhfhreagras pearsanta) gur minice i leaganacha Conallacha den amhrán a bhaintear úsáid as an bhfrása 'An Buachaill Bán' in ionad 'An Caisideach Bán' (féach deireadh an dara véarsa ar an taifeadadh seo). Tá leagan den amhrán ag Altan ar Celtic myths (Proper Recording Arts SA, 2002).

Teideal i mBéarla: I ran up to the top of the hill/The yellow border
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó Baoighill as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 01-10-1931 ag 16:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 01-10-1931 ag 16:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1248d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:44 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1248d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:44 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1248b2, ó cheirnín seileaic in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste): 00:43 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1248b2, ó cheirnín seileaic in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste): 00:43 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1248d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:43 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1248d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:43 nóiméad ar fad.