Amadán Shliabh Gad - Diarmuid Mac Giolla Cheara


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhuel, bhí amadán ar Shliabh Gad ina chónaí aigena[1] athair. Agus 'air[2] a bhí, d'imigh sé ansin agus bhí sé ráite go rachadh sé a shuirí le níon an rí, a bhí ag (tnúth).

"Ó," arsa siadsan, "goidé an mhaith duid choil[3] a shuirí le níon an rí sin. Ní cha déan siad ach an ceann a bhaint (daod). Cha ngeobhadh duine ar bith níon an rí ach an té a bhainfeadh 'Bréagach!' aisti."

D'imigh seisean agus fuaigh sé ann agus 'air a fuaigh, d'imigh sé ansin agus thug an rí amach é agus (thaispeáin)[4] sé cruach fhéir dó. 'Air a fuaigh, "An bhfaca tú a'n[5] chruach fhéir ariamh nas[6] mó ná í sin?"

"Hah," arsa seisean, "chonaic mé cruach bhfae-... fhéir comh mór le ceathrar ('tá mar seo). Bhí cruach bhfaeir a-... cruach fhéir aige m'athair mór ar... ar Shliabh Gad agus dá rachadh coileach in airde ar lár na cruaiche agus coileach in airde ar achan cheann nach gcluinfeadh a'n cheann de na coiligh ceann eile ag scairtigh."

"Tchím," arsa seisean. "Bhuel," arsa seisean. Arsa seisean ansin leis... Thug sé amach é. Theaspáin garradh[7] cáil dó. D'abair sé ansin leis, an bhfaca sé a'n gharradh cáil ariamh a bhí nas mó ná sin.

"Och," arsa seisean, "chonaic mé garradh cáil aige m'athair mór ar Shliabh Gad, agus bhí cráin mhuice aige, agus chaill sé a chráin mhuice, agus fuaigh sé amach lá amháin agus bhí dhá phigín[8] déag aici astoigh insa chroidhe, croidhe de chuid an cháil. Agus 'air a bhí, thug sé isteach iad agus 'air a thug, chas madadh rua dó 'air a bhí sé ag teacht isteach agus bhí sé ag cac pramas agus bhuail sé ceann de na pramais isteach sa choirce."

Aistriúchán

Well, there was a fool on Slieve Gad living with his father. He left then and it was said that he would go courting the king's daughter, who was expecting(?).

"Oh," they said, "what good is it for you to go courting with that king's daughter. They'll only take the head off you. No one would get the king's daughter but the one who would make her say, 'Lie!'"

He left and he went there, and the king took him out and he showed him a haystack. [And he said], "Did you ever see any haystack bigger that that?"

"Ha," he said, "I saw a haystack as big as four of those. My father had a haystack on Slieve Gad and if a cock went up on the middle of the stack and a cock up on each end, none of the cocks could hear the other one crowing."

"I see," he said. "Well," he said. He then said to him... He brought him out. He showed him a field of cabbage. He then said to him, did he ever see a field of cabbage bigger than that.

"Och," he said, "I saw a field of cabbage my grandfather had on Slieve Gad, and he had a sow, and he lost the sow, and he went out one day and she had twelve piglets in the head, the cabbage head. And he brought them in, and he met a fox when he was coming in and it was dropping dry turds and he kicked one of the turds into the corn."

Fonótaí

= ag a. Cf. agna in Maeleachlainn Mac Cionaoith, Seanchas Rann na Feirste (BÁC, 2005), 180; Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 657. (Back)
= nuair. Cf. Emrys Evans, 'The Irish dialect of Urris, Inishowen, Co. Donegal' Lochlann 4 (1969), 1-130: 80. (Back)
= ghoil/dhul. Cf. Hughes, op. cit., 653. (Back)
Cf. Heinrich Wagner, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 1, 295. (Back)
= aon. (Back)
= níos. Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 146. (Back)
= garraí. Cf. Ó Baoill, op. cit., 139. (Back)
= banbh. Cf. Wagner, op. cit., 32. (Back)

Tráchtaireacht

Is cosúil gurb éard atá anseo ná an chéad chuid den scéal idirnáisiúnta béaloidis ATU 852 Lying contest. Sna gnáthleaganacha de seo, bíonn sé i gceist go dtabharfaí banphrionsa mar chéile d'aon duine a chuireann iachall uirthi 'Sin bréag' a rá in ard a gutha. Insíonn suiríoch scéalta áiféiseacha, agus ar deireadh bagraíonn sé go nochfaidh sé rún éigin nó go n-inseoidh sé scéal a chuirfidh náire uirthi, rud a fhágann go dtugann sí isteach dó agus go ndeir sí na focail, agus go bpósann sí é ar deireadh. Faightear an scéal i bhformhór de thíortha an domhain, ón Eoráis go dtí an Afraic, agus i gcoda de chríocha Mheiriceá. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Tá sé coitianta go maith in Éirinn agus faightear i bhformhór na gcontaetha é. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968). Tá roinnt móitífeanna idirnáisiúnta béaloidis ann leis, ina measc H342.1 Suitor test: forcing princess to say, 'That is a lie', X1450 Lies about field crops agus X1423 Lies about cabbages. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8).

Tá tras-scríobh ar an scéal leis in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 138-41.

Teideal i mBéarla: The fool of Slieve Gad
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Diarmuid Mac Giolla Cheara as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 03-10-1931 ag 12:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 03-10-1931 ag 12:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1261d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:13 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1261d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:13 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1261b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:12 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1261b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:12 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1261d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:12 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1261d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:12 nóiméad ar fad.