Nuair a bhí mé beag baoideach (cuid 2) - Patrick Campbell


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Casadh fear do Phádraig nuair a bhí sé ag teacht aníos chuig droichead Fhionn Trá. Labhair sé leis agus d'fhiafraigh sé do Phádraig an rabh airgead ar bith aige. Dúirt Pádraig nach rabh mórán, nach rabh aige ach dhá phíosa toistiúna.

"Maise, ' gheall ar an rí," arsa an fear, "agus tabhair domhsa ceann acu."

"Bhuel," arsa Pádraig, "ó d'iarr tú orm é a gheall ar an rí, bhéarfaidh mé ceann acu duid."

"Bhuel," arsa an fear, "nuair a bhí tú chomh maith sin domhsa anocht, cá bith trí achainí a iarrfaidh tú orm gheobhaidh tú iad."

"Bhuel," arsa Pádraig, "iarraim achaine ort an cófra[1] mór atá insa tseomra i gcúl na tineadha[2] insa bhaile a'm a líonadh lán mine."

"Ó, dhéanfaidh[3] mé sin duid," arsa an fear. "Goidé an dara hachaine atá tú a dh'iarraidh?"

"Tá mé ag iarraidh achaine ort, duine ar bith a thiocfas a chóir an chrann atá i gcúl mo thoighe a bhfuil mórán úllaí ag fás air, é a ghreamú don chrann," arsa Pádraig. "Nó níl mé féin nó mo pháistí ag fáil aon cheann de na húllaí le hithe."

"Maith go leor," arsa an fear, "dhéanfaidh mé sin duid. Goidé an tríthú hachaine atá tú a dh'iarraidh?" arsa an fear.

"Iarraim achaine ort," arsa Pádraig, "mé féin agus an uile dhuine do mo bhunadh a thabhairt 'na[4] bhflaitheas."

"Bhuel, is maith an achaine í sin," arsa an fear.

Tháinig Pádraig abhaile agus d'fhiafraigh a bhean dó, "Phádraig, an bhfuil (cabhair) ar bith leat anocht?" arsa an bhean.

"Ó, níl mórán," arsa Pádraig, "ach gabh suas agus amhac[5] insa chófra i gcúl na tineadha go bhfeice tú an bhfuil sé lán mine."

"Ó," arsa an bhean, "A bhrealláin bhoicht, goidé a líonfadh an cófra lán mine?"

"Ó, gabh suas," arsa Pádraig.

Chuaigh sí suas agus nuair a chuaigh sí 'na[6] tseomra, bhí an cófra lán mine. Rinn sí réidh suipéara breá, daoi' féin... daofa féin agus do na páistí. Bhí páiste beag baoideach insa teach le coinneáil le baisteadh agus d'iarr an bhean ar Phádraig a ghoil agus daoiní a fháil a choinneochadh an páiste le baisteadh.

"Bhuel, rachaidh," arsa Pádraig, "agus an chéad duine a mhíteáilfeas mé, a chasfar orm, bíodh sé Gaelach nó Gallta, cuirfidh mé é leis an pháiste."

D'imigh Pádraig agus ba ghairid a bhí sé ag siúl gur casadh duine air.

"An rachaidh tú go gcoinní tú páiste le baisteadh domh?" arsa Pádraig.

"Rachaidh," arsa an duine. "Is maith liom gur iarr tú orm é. Agus is mise an Bás," arsa eisean, "agus ó bhí tú chomh maith domh agus go bhfuil tú ag tabhairt páiste domh le coinneáil le baisteadh dhéanfaidh mé doctúir daod. Agus níl a'n nduine[7] tinn a rachaidh tú a fhad leis nach leigheasfaidh tú. Ach má bhímsa ag ceann na leapa ná leigheas é. Agus má bhím ag cos na leapa leigheas é."

"Maith go leor," arsa Pádraig.

Tháinig Pádraig abhaile agus ba ghairid ina dhéidh sin go gcualaidh Pádraig trácht ar níon duine uasail (...).

Aistriúchán

Patrick met a man when he was coming up to Fintragh bridge. He spoke to him and he asked Patrick if he had any money. Patrick said that he didn't have much, that he only had two fourpenny pieces.

"Well, for the sake of the king," said the man, "give me one of them."

"Well," said Patrick, "since you asked me for it for the sake of the king, I will give one of them to you."

"Well," said the man, "since you were so good to me tonight, whatever three wishes you ask of me you will get them."

"Well," said Patrick, "I ask of you to fill up with meal the big press in the room at the back of the fire in my home."

"Oh, I will do that for you," said the man. "What is your second wish?"

"I ask you, anyone who comes to the tree at the back of my house on which lots of apples growing, to stick him to the tree," said Patrick. "Because neither I nor my children are getting any of the apples to eat."

"Fair enough," said the man, "I will do that for you. What is your third wish?" said the man.

"I ask you," said Patrick, "to bring me and everyone connected to me to heaven."

"Well, that is a good wish," said the man.

Patrick came home and his wife asked him, "Patrick, did you bring anything useful (?) tonight?" said the woman.

"Oh, not much," said Patrick, "but go up and look into the press at the back of the fire to see if it is full of meal."

"Oh," said the woman, "you poor fool, what would fill the press with meal?"

"Ah, go up," said Patrick.

She went up and when she went to the room, the press was full of meal. She got a fine supper ready, for herself... for themselves and the children. There was a very small child in the house waiting to be baptised and the wife asked Patrick to go out and to get people who would keep the child to be baptised.

"Well, I'll go," said Patrick, "and the first person I meet, I come across, be he Gaelic or English, I will send the child with him."

Patrick left and he was not long walking when he met someone.

"Will you go and keep my child to be baptised?" said Patrick.

"I will," said the man. "I am glad that you asked me. And I am Death," he said, "and since you were so good to me that you are giving me your child to keep to be baptised I will make a doctor of you. And there is no sick person to whom you will go that you won't cure. But if I am at the head of the bed do not cure him. And if I am at the foot of the bed, cure him."

"Fair enough," said Patrick.

Patrick came home and it wasn't long till he heard of the daughter of a noble man (...).

Fonótaí

Leg. cóthra? Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 129. (Back)
= tineadh. Cf. tineadha in Maeleachlainn Mac Cionaoith, Seanchas Rann na Feirste (BÁC, 2005), 173; Heinrich Wagner, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 1, 164, pointe 85. (Back)
= déanfaidh. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 652. (Back)
= chun na. (Back)
= amharc. Cf. Heinrich Wagner, Gaeilge Theilinn (BÁC, 1959; athchló 1979), § 410. (Back)
= chun an. (Back)
= aon duine. (Back)

Tráchtaireacht

Tagann cuid 1 agus cuid 2 den scéal seo le chéile ina scéal níos faide fós, más scéal neamhiomlán féin é, agus is éard atá ann go bunúsach ná meascán de dhá scéal idirnáisiúnta béaloidis, is é sin le rá ATU 330 The smith and the devil, agus ATU 332 Godfather Death. Baineann an chéad scéal béaloidis de ghnáth le fear a dhíolann a anam leis an diabhal, ach ina dhiaidh sin tugann sé lóistín do Naomh Peadar, agus bronntar trí ghuí air mar luach saothair. Guíonn sé go bhfaighidh sé crann torthaí agus cathaoir a ngreamóidh daoine di go dtí go n-ordaíonn sé féin go scaoilfí iad. Guíonn sé leis go bhfaighidh sé sac a tharraingíonn daoine isteach ann. Faigheann sé an ceann is fearr ar an diabhal nuair a éiríonn leis é a ghreamú den chathaoir agus den chrann, agus breith air sa mhála agus é a bhualadh. Scaoiltear ón gconradh leis an diabhal é, agus nuair a fhaigheann sé bás, buaileann sé bob ar Naomh Peadar chun go scaoilfí ar neamh é. Tá an scéal an-choitianta, agus faightear é san Eoraip, sa Chianoirthear, i gcríocha Mheiriceá agus san Afraic Theas. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Cuid de na móitífeanna, an diabhal ag greamú de chrann, mar shampla, téann siad siar go dtí an tSean-Ghréig, ach tháinig an scéal mar atá anois chun cinn den chéad uair san Iodáil sa séú céad déag. Féach Stith Thompson, The folktale (Berkeley, Ca., 1946), 46. Tá sé ar cheann de na scéalta béaloidis is coitianta in Éirinn, agus tá samplaí cláraithe i ngach cuid den tír, geall leis. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968). I leaganacha áirithe de chuid na hÉireann ní ligtear don ghabha dul go neamh ná go hifreann, agus cuirtear iachall air dul ar seachrán ar fud na cruinne. Bhí an scéal seo ina bhunús le ceann de na húrscéalta is túisce a foilsíodh sa Nua-Ghaeilge, is é sin Séadna (BÁC, 1904) le Peadar Ó Laoghaire.

An dara scéal béaloidis anseo baineann sé le fear a roghnaíonn an Bás mar athair baistí dá mhac, toisc go bhfuil an Bás neodrach agus go gcaitheann sé mar an gcéanna le gach duine. An luach saothair a thugtar dó ná an cumas a fheiscint an bás nó leigheas atá i ndán do dhuine breoite. Feiceann sé an bhfuil an Bás ina sheasamh ag ceann na leapa, nó ag a cos, rud a léiríonn dó cén toradh a bheidh ar an mbreoiteacht. Déanann sé dochtúir saibhir rathúil dó féin dá bharr, ach ar ócáid amháin tréigeann sé an Bás nuair a chasann sé an leaba timpeall agus é ag iarraidh beatha othair shaibhir a shábháil. Nuair a thagann an Bás ar deireadh chun an dochtúir féin a bhreith leis, is minic a dhéanann sé iarracht éalú óna bhfuil i ndán dó, ach ar deireadh beireann an Bás leis é. Is minic a insítear an scéal agus scéalta béaloidis eile ina theannta, mar atá i gceist anseo. Tá clárú déanta air ón ceathrú haois déag ar aghaidh ar a laghad, agus tá sé coitianta san Eoraip, sa Mheánoirthear agus i gcríocha Mheiriceá. Féach Hans Jorg Uther, op. cit. Tá an scéal seo coitianta in Éirinn leis, agus faightear ar fud na tíre é. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, op. cit.

Ta roinnt móitífeanna idirnáisiúnta bealoidis sa scéal seo, ina measc Q115 Reward: any boon that may be asked, D1413.1 Tree from which one cannot descend, agus D1825.3.1 Magic power of seeing Death at head or foot of bed and thus forecasting progress of sickness. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8).

Tá leagan den scéal seo in Nollaig Mac Congáil agus Ciarán Ó Duibhín, Glórtha ón tseanaimsir (Gleann an Iolair, 2009), 52-4.

Teideal i mBéarla: When I was a young lad (part 2)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Patrick Campbell as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 04-10-1931 ag 16:45:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 04-10-1931 ag 16:45:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1268d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:00 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1268d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:00 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1268b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 04:01 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1268b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 04:01 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1268d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:57 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1268d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:57 nóiméad ar fad.