Maidin fhómhair - Pádraig Ó Gallchobhair


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí maidin fhómhair is mé (th)riall go Feochaill
Cé a tharlaigh sa ród orm ach stór mo chroí,
Ba deirge a gruaidh ná na caoraí caorthainn
Is gur bhinne a béal ná na ceoltaí sí.

Ara, leag mé mo lámh ar a brollach ró-dheas
Agus d'iarrais[1] póg uirthi, stór mo chroí,
Sé a dúirt sí, "Stop agus ná stróic mo chlóca,
Tá fios do intinn aige[2] bean an toighe."

Aistriúchán

One autumn morning as I was going towards Foughill(?)
Who should I meet on the road but the love of my heart,
Her cheek was redder than rowan berries
And her voice sweeter than fairy music.

I lay my hand on her lovely breast
And sought a kiss from her, my true love,
She said, "Stop and don't tear my cloak,
The lady of the house knows your mind."

Fonótaí

= d’iarras/d’iarr mé. Cf. Seosamh Laoide, 'Irish in Monaghan County', The Gaelic Journal 6: 10 (1896), 145-52: 147. (Back)
= ag. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 657. (Back)

Tráchtaireacht

Is iad seo na véarsaí tosaigh d'amhrán a bhfuil teidil éagsúla air agus a bhfuil leaganacha éagsúla de le fáil ar fud Éireann. Tá sé le fáil go han-choitianta i gcúige Uladh agus i gcúige Mumhan. I leaganacha Ultacha de luaitear logainmneacha mar Feochaill (contae Ard Mhacha), Leamhchoill (contae Mhuineacháin) agus Dromainn Tí (contae Ard Mhacha). Déantar tagairt freisin i leaganacha Ultacha áirithe do phríomhtheaghlach na nGael in Ultaibh, muintir Néill. I leaganacha na Mumhan den amhrán luaitear na logainmneacha Eochaill agus Ceapach Choinn i gcontaetha Chorcaí agus Phort Láirge, agus ní dhéantar tagairt ar bith do na Niallaigh. Is féidir féachaint ar an amhrán mar shampla den chineál amhráin ar a dtugtar pastourelle. Féach Seán Ó Tuama, An grá in amhráin na ndaoine (BÁC, 1960), 23; idem, Repossessions (Corcaigh, 1995), 146. Tá leaganacha eile as Tír Eoghain le fáil in Gerard Stockman agus Heinrich Wagner, 'Contributions to a Study of Tyrone Irish', Lochlann 3 (1965), 43-235: 226-29. Le haghaidh leagain (níos faide) den amhrán as oirdheisceart Uladh mar aon le leabharliosta cuimsitheach féach Pádraigín Ní Uallacháin, A hidden Ulster: people, songs and traditions of Oriel (BÁC, 2003), 207-8, 516-7. Le haghaidh eolais faoi na foinn a bhaineann leis an amhrán féach Dónal O'Sullivan, 'The Bunting collection of Irish folk music and songs 1', Journal of the Irish Folk Song Society 22 (1927), 105. Tá leagan níos faide den amhrán againn i mbailiúchán Doegen ó Bhrigid McEvoy, contae Shligigh. Casann an t-amhránaí sean-nóis Nioclás Tóibín, as an Rinn, contae Phort Láirge, leagan Muimhneach ar Rinn na nGael (Cló Iar-Chonnacht, 1999).

Tá an t-amhrán seo tras-scríofa freisin in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 232.

Teideal i mBéarla: An autumn morning
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó Gallchobhair as Co. Thír Eoghain
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 05-09-1931 ag 13:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 05-09-1931 ag 13:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1277d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:45 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1277d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:45 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1277b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:46 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1277b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:46 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1277d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:43 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1277d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:43 nóiméad ar fad.