Ganley, Thomas
Nóta beathaisnéise
Ganley (Mag Fhionnlaigh, Ó Geanlaigh), Thomas (Tomás) (c.1849-?): I gCluain Mál, Loch Glinne, contae Ros Comáin, a rugadh Thomas Ganley timpeall na bliana 1849. Ní mórán oideachais a fuair sé. B'fheirmeoir a athair agus b'fheirmeoir é fein chomh maith. Agus é ina fhear fásta, chaith sé dhá bhliain i Sasana, agus cúig bliana i Meiriceá. Bhí sé ina chónaí i gCluain Mál arís lena theaghlach le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003842747/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003204017/]. Phós sé a bhean chéile, Catherine, timpeall 1888. Rugadh deichniúr páistí dóibh roimh 1911 ach ní raibh ach ochtar díobh beo an tráth sin.
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Fireann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/169 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1134 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | Mac Rí Chonnacht - Thomas Ganley |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1134d1 |
| Céadainm (Canónta) | Thomas |
| Sloinne (Canónta) | Ganley |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | Tomás |
| Leagan(acha) eile den sloinne |
|
| Contae dúchais | Co. Ros Comáin |
| Seoladh | Cluain Mál (?), Loch Glinne, Co. Ros Comáin |
| Aois | 81 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | Cluain Mál (?), Loch Glinne, Co. Ros Comáin |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | Loch Glinne, Co. Ros Comáin |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | Cluain Mál (?), Loch Glinne, Co. Ros Comáin |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | Cluain Mál (?), Loch Glinne, Co. Ros Comáin |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | I Sasana ar feadh dhá bhliain sna Stáit Aontaithe ar feadh 5 bliana. |
| Oideachas | Beagán bunscolaíochta |
| Áit dúchais an athar | Cluain Mál (?), Loch Glinne, Co. Ros Comáin |
| Áit dúchais na máthar | Killanar (?), Co. Mhaigh Eo |
| Slí bheatha an athar | Feirmeoir |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Béarla |
| In ann léamh? | Tá (Béarla) |
| In ann scríobh? | Tá (Béarla) |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl (is féidir leis canadh beagán) |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Feirmeoir |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Tomás Ó Máille |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | "Speaker hesitated in the middle of the story. His voice began well but got thin towards end." |
