Ó Gealbháin, Aindréas
Nóta beathaisnéise
Ó Gealbháin, Aindréas (Aindréus) (c.1857-?): I nDoirín Ghriair, gar don tSnaidhm, i bparóiste Chill Chrócháin, contae Chiarraí, a rugadh é, timpeall na bliana 1857. Chónaigh sé ansin go dtí aois a dó dhéag, nuair a bhog sé go paróiste Chinn Mhara. Chónaigh sé i bparóiste an Teampaill Nua níos déanaí chomh maith. De réir scéil a d'inis sé do Thadhg Ó Murchadha atá i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (iml. 402, 'Tigh Púcaí i gCúm Luiminne' (9/7/1937), 26-57), bhí Aindréas 'i n-aimsir ag Sasnach (Risteárd Duderson)' i gCom Luimnigh sa Teampall Nua thart ar chaoga bliain roimhe sin (c.1887). Ní bhfuair sé aon scolaíocht fhoirmeáilte riamh. B'fheirmeoir a athair, agus b'fheirmeoir é féin chomh maith. Bhí sé sa teach lena mhac pósta agus bean a mhic nuair a thug Tadhg Ó Murchadha cuairt air (9/7/1937). Rinne Tadhg Ó Murchadha cur síos air mar fhear 'ard mílítheach, crom bhéal liath air'. Bhí bean chéile Aindréis marbh ag an bpointe sin. Dar le Tadhg Ó Murchadha bhíodh Aindréas ag amhránaíocht ag feiseanna, agus d'fhaigheadh sé an chéad duais i gcónaí. Is cosúil gur ar an 15 Iúil 1937 a bhuail Tadhg Ó Murchadha leis den uair dheireanach. Bhí sé an-sean ag an tráth sin, thart ar 86 bliain d'aois. Bhí sé ina aonar i bhfeighil an tí agus na feirme. Sholáthraigh sé roinnt béaloidis do Thadhg Ó Murchadha, atá ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann. Tá cuntais ag Ó Murchadha ina dhialann air (Cnuasach Bhéaloideas Éireann, iml. 425, 9/7/1937; 15/7/1937). Tá tagairt do thaifeadtaí Doegen sa chuntas dialainne ar an 9 Iúil 1937.
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Fireann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/32, Doegen P-B/33 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1062, LA 1063 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | An mac scaiptheach - Aindréas Ó Gealbháin Scéal na casóige - Aindréas Ó Gealbháin An cailín deas rua - Aindréas Ó Gealbháin Paidir an Tiarna; an tÁivé Máiria - Aindréas Ó Gealbháin |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1062d1, LA_1063d1, LA_1063d2, LA_1063d3 |
| Céadainm (Canónta) | Aindréas |
| Sloinne (Canónta) | Ó Gealbháin |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | Aindréus |
| Leagan(acha) eile den sloinne | Níl faisnéis ar fáil. |
| Contae dúchais | Co. Chiarraí |
| Seoladh | Inis Fé (?) (leg. Inis Féith?), gar don tSnaidhm, Co. Chiarraí |
| Aois | 71 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | Doirín Ghriair (Druín Graoir), gar don tSnaidhm, Co. Chiarraí |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | An tSnaidhm, Co. Chiarraí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | Doirín Ghriair (Druín Graoir), Co. Chiarraí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | Doirín Ghriair (Druín Graoir), Co. Chiarraí (go dtí aois a 12); Ceann Mara (ó aois a 12) |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | I bparóistí Cheann Mara agus an Teampaill Nua (Teampal Nó). |
| Oideachas | Ní bhfuair aon scolaíocht. |
| Áit dúchais an athar | Doirín Ghriair (Druín Graoir), Co. Chiarraí |
| Áit dúchais na máthar | Paróiste an Teampaill Nua, gar don Neidín, Co. Chiarraí |
| Slí bheatha an athar | Feirmeoir |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Béarla |
| In ann léamh? | Níl |
| In ann scríobh? | Níl |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Feirmeoir |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Osborn Bergin, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | "[d?]/ha mit weichem nasalierend[em] hellem Einschlag geringe stimmlose Konsonanz. mittlere Stimmkraft." (Wilhelm Doegen) |
