Ó Néill, Pádraig
Nóta beathaisnéise
Ó Néill (O'Neill), Pádraig (Pádhraic, Patrick) (c.1867-?): In Ard Géinín, Baile Chláir, contae na Gaillimhe, a rugadh Pádraig Ó Néill timpeall na bliana 1867. Is cosúil gur ansin a chónaigh sé ar feadh a shaoil. Ní bhfuair sé aon scolaíocht fhoirmiúil riamh. B'fheirmeoir a athair agus b'fheirmeoir é féin chomh maith. Bhí ‘Patrick O’Neill’ lonnaithe lena theaghlach in Ard Géinín le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000848521/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000848521/]. De réir na ndaonáireamh, phós sé a bhean chéile, Margaret, timpeall na bliana 1895. Faoi 1911 bhí triúr mac agus iníon amháin acu. Mhair Ó Néill go dtí go raibh sé ar a laghad 74 (c. 1941), óir bailíodh ábhar béaloidis uaidh sa bhliain sin. Tá breis ábhar béaloidis a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC. Sholáthair Pat Craven 'Seán Mac Éil', a fuair sé ó Phádhraic Ó Néill, do Ar Aghaidh (Aibreán, 1933). Foilsíodh 'Grádh Geal Mo Chroidhe', a chum Pádraig Ua Néill, in An Gaodhal (Iúil, 1901).
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Fireann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/182 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1150, LA 1152 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | Tomás Bán Mac Aogáin - Pádraig Ó Néill Mainistir Bhaile an Chláir - Pádraig Ó Néill An bráithrín buartha - Pádraig Ó Néill |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1150d1, LA_1150d2, LA_1152g1 |
| Céadainm (Canónta) | Pádraig |
| Sloinne (Canónta) | Ó Néill |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | PatrickPádhraic |
| Leagan(acha) eile den sloinne |
|
| Contae dúchais | Co. na Gaillimhe |
| Seoladh | Ard Géinín, Baile Chláir, Co. na Gaillimhe |
| Aois | 63 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | Ard Géinín, Baile Chláir, Co. na Gaillimhe |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | Gaillimh |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | Ard Géinín, Baile Chláir, Co. na Gaillimhe |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | Ard Géinín, Baile Chláir, Co. na Gaillimhe |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | Ard Géinín, Baile Chláir, Co. na Gaillimhe |
| Oideachas | Ní bhfuair aon scolaíocht. |
| Áit dúchais an athar | Ard Géinín, Co. na Gaillimhe |
| Áit dúchais na máthar | Ceathrú an Bhrúnaigh, Baile Chláir, Co. na Gaillimhe |
| Slí bheatha an athar | Feirmeoir |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Béarla |
| In ann léamh? | Níl |
| In ann scríobh? | Níl |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl (amhránaíocht thraidisiúnta amháin) |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Feirmeoir |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Tomás Ó Máille, Myles Dillon |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | "Clear musical voice." (Myles Dillon) |
