Carún, Seán

Grianghraif

Seán Carún (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)
Seán Carún (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)

Nóta beathaisnéise

Carún (Carey), Seán (John) (c.1858-?): Sa Luach, Dúlainn, i gcontae an Chláir a rugadh é timpeall na bliana 1858. D'fhreastail sé ar scoil i nDaibhich Bhríde, paróiste Lios Ceannúir, sách rialta ar feadh seacht mbliana. Feirmeoir agus iascaire a bhí ina athair agus b'fheirmeoir é féin. Bhí sé ina chónaí sa Luach lena theaghlach le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000471323/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai001770646/]. Phós sé Catherine Carey thart ar 1899. Rugadh ceathrar páistí dóibh roimh 1911; níor mhair ach triúr acu. Foilsíodh Seán Ó Carúin, 'Dhá sgéilín ó Thuadh-Mhumhain' in Béaloideas (Meitheamh, 1930). Tá breis ábhar béaloidis a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC, chomh maith.

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/191
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1160
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoRí na Coille Glaise agus mac rí in Éirinn - Seán Carún
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1160g1
Céadainm (Canónta)Seán
Sloinne (Canónta)Carún
Leagan(acha) eile den chéadainmJohn
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Carey
Contae dúchaisCo. an Chláir
SeoladhLuach, Dúlainn, Inis Díomáin, Co. an Chláir
Aois72
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheLuach, Dúlainn, Co. an Chláir
Baile mór is gaire don áit bhreitheInis Díomáin, Co. an Chláir
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6Luach, Dúlainn, Co. an Chláir
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20Cnoc Aoibhinn (?) (Croc Aoibhinn), Luach, Co. an Chláir
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20Cnoc Aoibhinn (?) (Croc Aoibhinn) agus Luach, Co. an Chláir
OideachasD'fhreastail ar an scoil sách rialta ar feadh timpeall 7 mbliana, Daibhich Bhríde (Daigh Bhríde), paróiste Lios Ceannúir, Co. an Chláir
Áit dúchais an atharLuach, Dúlainn, Co. an Chláir
Áit dúchais na mátharBaile Uí Bhreisleáin (Baile Uí Mhisleáin), paróiste Lios Ceannúir, Co. an Chláir
Slí bheatha an atharFeirmeoir agus iascaire
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Tá (Gaeilge agus Béarla)
In ann scríobh?Tá (Béarla)
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaFeirmeoir
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Tomás Ó Máille
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. Níl faisnéis ar fáil.