Ó Súilleabháin, Pádraig

Grianghraif

Pádraig Ó Súilleabháin (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)
Pádraig Ó Súilleabháin (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)

Nóta beathaisnéise

Ó Súilleabháin (Sullivan), Pádraig (Pádhraic, Patrick, Patt) (1864-?): Rugadh é i mBaile an Tobair, contae na Gaillimhe, ar an seachtú lá de mhí na Nollag 1864. Ba iad Mícheál Ó Súilleabháin, feirmeoir, agus Neilí Nic Giobúin a thuismitheoirí. Bhí beirt mhac agus triúr iníonacha sa teaghlach. Ní bhfuair Pádraig aon bhunscolaíocht fhoirmeáilte riamh, ach chuaigh sé go dtí scoil oíche ar feadh trí mhí agus é 22 bliain d'aois. B'fheirmeoir é. Agus é óg, théadh sé lena mháthair go dtí na margaí ag díol bréidín. Tar éis dó pósadh, chaith sé dhá bhliain ag obair ar an mbóthar iarainn idir Gaillimh agus an Clochán. Théadh sé abhaile ar feadh seachtaine leis an bhfómhar a bhaint, le móin a bhaint, agus le fataí a bhaint. Chaith sé seacht mbliana eile ag dul go Sasana go séasúrach. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé go Scranton Mheiriceá ag obair mar mhianadóir ar feadh dhá bhliain. D'fhill sé ar Éirinn ar feadh bliana roimh dhul go Pittsburg. Bhí sé ag obair mar thógálaí ansin. Bhí Pádraig ina chónaí i gCorr na Móna, i gConga, contae na Gaillimhe, i 1930. Bhí muintir Shúilleabháin i nDubhachta, i gConga, contae na Gaillimhe, le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000837377/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002429329/]. Phós sé Máire Ní Dhroighneáin timpeall na bliana 1891, nuair a bhí seisean 26 agus ise 22. Bhí cúigear iníonacha agus cúigear mac ar fad acu. D'imigh ceathrar iníonacha agus ceathrar mac go Meiriceá. Fuair a bhean chéile bás i samhradh 1940. Fuair Pádraig féin bás am éigin tar éis mhí Iúil 1947. Tá roinnt mhaith ábhar béaloidis a bailíodh ó Phádraig Ó Súilleabháin ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC. I measc an ábhair sin tá cuntas a bhailigh Proinnsias de Búrca uaidh ar a shaol féin.

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/144
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1104
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoBhí bean fadó - Pádraig Ó Súilleabháin
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1104d1
Céadainm (Canónta)Pádraig
Sloinne (Canónta)Ó Súilleabháin
Leagan(acha) eile den chéadainm Níl faisnéis ar fáil.
Leagan(acha) eile den sloinne Níl faisnéis ar fáil.
Contae dúchaisCo. na Gaillimhe
SeoladhCorr na Móna, Co. na Gaillimhe
Aois66
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheBaile an Tobair, Co. na Gaillimhe
Baile mór is gaire don áit bhreitheBaile an Róba, Co. Mhaigh Eo
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6Baile an Tobair, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20Baile an Tobair, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20Baile an Tobair, Co. na Gaillimhe
OideachasNí bhfuair aon scolaíocht.
Áit dúchais an atharBaile an Tobair, Co. na Gaillimhe
Áit dúchais na mátharTuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo
Slí bheatha an atharFeirmeoir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Níl
In ann scríobh?Níl
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaFeirmeoir
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Myles Dillon, Tomás Ó Máille
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl."Helle Stimme. Klar"