Ó Cathaláin, Tomás
Tue, 11/29/2011 - 15:40 | by Eoghan
Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.
Nóta beathaisnéise
Ó Cathaláin (Ó Cahaláin, Cahillane, Cahellane), Tomás (Thomas) (c.1862-?): San Fhadhbach, Caisleán na Mainge, contae Chiarraí, a rugadh é, timpeall na bliana 1862. Is ansin a chuaigh sé ar an mbunscoil. Bhí sé ina chónaí san Fhadhbach le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000890027/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002511252/]. B'fheirmeoir agus máistir poist Tomás. Phós sé a bhean chéile, Catherine, thart ar 1890. Ní raibh páistí acu.
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Fireann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/35, Doegen P-B/36 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1065, LA 1066 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | An mac scaiptheach - Tomás Ó Cathaláin Liam do Búrc - Tomás Ó Cathaláin |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1065d1, LA_1066d1 |
| Céadainm (Canónta) | Tomás |
| Sloinne (Canónta) | Ó Cathaláin |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | Thomas |
| Leagan(acha) eile den sloinne |
|
| Contae dúchais | Co. Chiarraí |
| Seoladh | An Fhadhbach, Caisleán na Mainge, Co. Chiarraí |
| Aois | 66 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | An Fhadhbach, Caisleán na Mainge, Co. Chiarraí |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | Trá Lí, Co. Chiarraí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | An Fhadhbach, Co. Chiarraí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | An Fhadhbach, Co. Chiarraí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | An Fhadhbach, Co. Chiarraí |
| Oideachas | Bunscoil, An Fhadhbach, Co. Chiarraí |
| Áit dúchais an athar | An Fhadhbach, Co. Chiarraí |
| Áit dúchais na máthar | An Fhadhbach, Co. Chiarraí |
| Slí bheatha an athar | Feirmeoir |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Béarla |
| In ann léamh? | Tá (Gaeilge agus Béarla) |
| In ann scríobh? | Tá (Béarla) |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Feirmeoir agus máistir poist |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Osborn Bergin, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | "./ha mit geringem weich[em] Einschlag Kling[ende] nasalierende Stimmkraft mittlere stimmlose Konsonanz" (Wilhelm Doegen) |
