Mac Con Iomaire, Tomás (c.1874-?)

Grianghraif

Tomás Mac Con Iomaire (chun tosaigh, dara duine ó chlé; le
                  caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)
Tomás Mac Con Iomaire (chun tosaigh, dara duine ó chlé; le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)

Nóta beathaisnéise

Mac Con Iomaire (Mhac Con Iomaire, Mac an Iomaire, Ridge), Tomás (Thomas) (c.1874-?): Ar an gCoillín, Carna, contae na Gaillimhe, a rugadh Tomás Mac Con Iomaire timpeall na bliana 1874. Fuair sé a chuid bunscolaíochta i Scoil Náisiúnta Charna. B'fheirmeoir agus iascaire a athair agus b'fheirmeoir é féin (de réir an Personalbogen). Deir Seán Mac Giollarnáth (Loinnir Mac Leabhair agus sgéalta gaisgidh eile, BÁC, 1936) gur chaith sé na blianta le farraige agus le bádóireacht. Bhí sé ina chónaí sa Choillín, Carna, le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000805311/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002375342/]. Phós sé a bhean chéile, Norah, timpeall na bliana 1905, agus bhí triúr páistí acu faoi 1911. Sholáthair sé féin agus a dheartháir, Pádhraic, ábhar béaloidis don bhailitheoir Liam Mac Coisdealbha. Sholáthair Tomás roinnt scéalta do Sheán Mac Giollarnáth a foilsíodh in Loinnir Mac Leabhair agus sgéalta gaisgidh eile. Tá ábhar béaloidis a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC, chomh maith. Luaitear é i ndialann Liam Mhic Coisdealbha (CBÉ, Iml. 185, 28/11/1935; 2/12/1935).

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/168
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1133
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoFianna Éireann agus Rí Lochlann - Tomás Mac Con Iomaire (c.1874-?)
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1133d1
Céadainm (Canónta)Tomás
Sloinne (Canónta)Mac Con Iomaire
Leagan(acha) eile den chéadainmThomas
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Mhac Con Iomaire
  • Mac an Iomaire
  • Ridge
Contae dúchaisCo. na Gaillimhe
SeoladhAn Coillín, Carna, Co. na Gaillimhe
Aois56
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheAn Coillín, Carna, Co. na Gaillimhe
Baile mór is gaire don áit bhreitheGaillimh
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6An Coillín, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20An Coillín, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20An Coillín, Carna, Co. na Gaillimhe
OideachasBunscoil, Scoil Náisiúnta Charna, Co. na Gaillimhe
Áit dúchais an atharAn Coillín, Co. na Gaillimhe
Áit dúchais na mátharAn Coillín, Co. na Gaillimhe
Slí bheatha an atharFeirmeoir agus iascaire
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBeagán Béarla
In ann léamh?Tá (Béarla)
In ann scríobh?Tá (Béarla)
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaFeirmeoir
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Tomás Ó Máille
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. Níl faisnéis ar fáil.