Ó Fathaigh, Mícheál

Nóta beathaisnéise

Ó Fathaigh (Fahey), Mícheál (Michael) (c.1878-?): I dTamhain, Órán Mór, contae na Gaillimhe, a rugadh Mícheál Ó Fathaigh timpeall na bliana 1878. Fuair sé a chuid bunscolaíochta i Scoil Náisiúnta Thamhain. B'fheirmeoir a athair agus b'fheirmeoir é féin chomh maith. Chaith sé bliain amháin i Sasana agus bliain amháin i Meiriceá agus é ina fhear fásta. Bhí sé i gceantar Órán Mór le linn dhaonáireamh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000806359/]. Bhí sé ina chónaí i dteach thart ar mhíle amach ó Ghaillimh nuair a bhuail an bailitheoir béaloidis Proinnsias de Búrca leis blianta ina dhiaidh sin. Théadh sé ar ais go Tamhain leis an bhfómhar a bhaint, agus d'fhilleadh sé ar Ghaillimh ina dhiaidh sin. Cuirtear síos air i ndialann an Bhúrcaigh mar fhear a bhí thart ar 60 bliain d'aois agus beagán bacach. Luaitear sa dialann freisin an t-am a chaith sé le Éamon de Valera i gColáiste Gaeilge Thamhain. Tá breis ábhar béaloidis a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC, mar a bhfuil dialann Phroinnsias de Búrca i dtaisce freisin (CBÉ, Iml. 343, 31/7/1936; 1/8/1936).

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/181
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1149
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoCuraidh crua na Craoibhe Ruaidh' - Mícheál Ó Fathaigh
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1149g1
Céadainm (Canónta)Mícheál
Sloinne (Canónta)Ó Fathaigh
Leagan(acha) eile den chéadainmMichael
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Fahey
Contae dúchaisCo. na Gaillimhe
SeoladhTamhain, Órán Mór, Co. na Gaillimhe
Aois52
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheTamhain, Órán Mór, Co. na Gaillimhe
Baile mór is gaire don áit bhreitheGaillimh
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6Tamhain, Órán Mór, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20Tamhain, Órán Mór, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20Tamhain, Órán Mór, Co. na Gaillimhe, ach chaith bliain i Sasana agus bliain i Meiriceá.
OideachasBunscoil, Scoil Náisiúnta Thamhain, Co. na Gaillimhe
Áit dúchais an atharTamhain, Órán Mór, Co. na Gaillimhe
Áit dúchais na mátharLisín an Bhealaigh, An Turlach Mór, Co. na Gaillimhe
Slí bheatha an atharFeirmeoir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an Ghaeilge Níl faisnéis ar fáil.
In ann léamh?Tá (Gaeilge agus Béarla)
In ann scríobh?Tá (Gaeilge agus Béarla)
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaFeirmeoir
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Tomás Ó Máille
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl."Speaks with considerable resonance and mouth rather close and this dims and blurs the effect."