Ó Céilleachair, Domhnall

Grianghraif

Domhnall Ó Céilleachair agus a iníon, Nonie Bán, Nonie (Nóra) Ní Chéilleachair (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas
                  Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)
Domhnall Ó Céilleachair agus a iníon, Nonie Bán, Nonie (Nóra) Ní Chéilleachair (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)

Nóta beathaisnéise

Ó Céilleachair (Ó Céileachair, Kelleher), Domhnall (Dónal, Dónall Bán, Daniel) (1871-1950): I gCúil Aodha, contae Chorcaí, a rugadh é ar an gcéad lá de mhí na Samhna 1871, agus is ansin a bhí sé ina chónaí lena theaghlach le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000546874/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai001972983/]. Pádraig Ó Céilleachair (Patrick Kelleher) ab ainm dá athair, agus ba í Nóra Ní Loingsigh (Hanora Kelleher) a mháthair, agus bhí seachtar déag clainne acu. Níor fhan ach triúr de na páistí in Éirinn agus iad fásta, agus is é Domhnall a tháinig in oidhreacht ar fheirm a athar. Chuaigh Domhnall ar scoil i gCúil Aodha. Agus é fásta d'fhreastail sé ar scoil oíche ann freisin. Phós sé Siobhán Ní Mhulláin as Screathan na nGamhann i 1908. Bhí ceathrar mac agus beirt iníonacha acu. Duine dá mhic ab ea an scríbhneoir Donncha Ó Céileachair. Fuair Domhnall bás ar Lá 'le Bríde 1950. Tá ábhar béaloidis a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (COBÁC). Tá breis eolais faoi ina dhírbheathaisnéis, Scéal Mo Bheatha (BÁC, 1940 [1941]). Tá plaic i gcuimhne Dhomhnaill Bháin ar an teach inar tógadh é sa Mhuirneach Beag, a bhaile fearainn dúchais.

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/5, Doegen P-B/6
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1035, LA 1036
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoAn mac scaiptheach - Domhnall Ó Céilleachair
Uimhreacha - Domhnall Ó Céilleachair
An feirmeoir agus an buachaill - Domhnall Ó Céilleachair
An feirmeoir agus an bacach; laethanta na seachtaine; focail - Domhnall Ó Céilleachair
An feirmeoir agus an buachaill (cuid 1) - Domhnall Ó Céilleachair

Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1035d1, LA_1035d2, LA_1036d1, LA_1036d2, LA_1036d3, LA_1036d4_
Céadainm (Canónta)Domhnall
Sloinne (Canónta)Ó Céilleachair
Leagan(acha) eile den chéadainmDónal
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Ó Céileachair
Contae dúchaisCo. Chorcaí
SeoladhCúil Aodha, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Aois56
Dáta breithe1871-11-01
Áit bhreitheCúil Aodha, Co. Chorcaí
Baile mór is gaire don áit bhreitheMaigh Chromtha, Co. Chorcaí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6Cúil Aodha, Co. Chorcaí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20Cúil Aodha, Co. Chorcaí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20Cúil Aodha, Co. Chorcaí
OideachasBunscoil, Cúil Aodha, Co. Chorcaí
Áit dúchais an atharCúil Aodha, Co. Chorcaí
Áit dúchais na mátharCúil Aodha, Co. Chorcaí
Slí bheatha an atharFeirmeoir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Tá (Gaeilge agus Béarla)
In ann scríobh?Tá (Gaeilge agus Béarla)
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaFeirmeoir
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Osborn Bergin, Tadhg Ó Donnchadha, Wilhelm Doegen
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. Níl faisnéis ar fáil.