Ó Niadh, Tomás
Grianghraif

Tomás Ó Niadh (chun tosaigh, tríú duine ó chlé; le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)
Nóta beathaisnéise
Ó Niadh (Nee), Tomás (Thomas) (c.1863-?): I mBun na hAbhann, An Caiseal, contae na Gaillimhe, a rugadh Tomás Ó Niadh timpeall na bliana 1863. Fuair sé beagán bunscolaíochta sa Chaiseal. B'fheirmeoir a athair agus b'fheirmeoir agus fíodóir é féin. Agus é ina fhear fásta, chaith sé bliain amháin i Meiriceá agus bliain amháin in Albain. Bhí sé ina chónaí i mBun na hAbhann lena theaghlach le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000805693/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002376212/]. Phós sé a bhean chéile, Bridget, timpeall 1890. Rugadh aon pháiste dhéag dóibh roimh 1911, ach ní raibh ach naonúr beo an t-am sin. Tá roinnt ábhar béaloidis a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC.
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Fireann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/172 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1137 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | Faraor géar deacrach! - Tomás Ó Niadh Coinleach glas an fhómhair - Tomás Ó Niadh Tiobóid Sheáin Mhóir - Tomás Ó Niadh |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1137g1, LA_1137g2, LA_1137g3 |
| Céadainm (Canónta) | Tomás |
| Sloinne (Canónta) | Ó Niadh |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | Thomas |
| Leagan(acha) eile den sloinne |
|
| Contae dúchais | Co. na Gaillimhe |
| Seoladh | Bun na hAbhann, An Caiseal, Conamara, Co. na Gaillimhe |
| Aois | 67 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | Bun na hAbhann, An Caiseal, Co. na Gaillimhe |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | Cloch na Rón, Co. na Gaillimhe |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | Bun na hAbhann, An Caiseal, Conamara, Co. na Gaillimhe |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | Bun na hAbhann, An Caiseal, Co. na Gaillimhe |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | I Meiriceá ar feadh bliana; in Albain ar feadh bliana. |
| Oideachas | Beagán bunscolaíochta, Caiseal, Co. na Gaillimhe |
| Áit dúchais an athar | An Choill Mhór, Co. na Gaillimhe |
| Áit dúchais na máthar | Inis Ní, Cloch na Rón, Co. na Gaillimhe |
| Slí bheatha an athar | Feirmeoir beag |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Béarla |
| In ann léamh? | Tá (Béarla) |
| In ann scríobh? | Tá (Béarla) |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl (is féidir leis canadh beagán) |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Fíodóir agus feirmeoir |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Tomás Ó Máille |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | Níl faisnéis ar fáil. |
