Ó Ceithearnaigh, Máirtín

Nóta beathaisnéise

Ó Ceithearnaigh (Carney, Ó Ceárna), Máirtín (Martin) (c.1863-?): Ar an gCloch Bhreac, an Fhairche, contae na Gaillimhe, a rugadh Máirtín Ó Ceithearnaigh timpeall na bliana 1863. Ní bhfuair sé aon scolaíocht fhoirmiúil riamh. B'fheirmeoir é a athair agus b'fheirmeoir agus mairnéalach é féin. Ba í Bridget Carney a mháthair. Bhí sé ina chónaí ar an gCloch Bhreac le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000836981/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002428707/]. Phós sé Margaret Carney timpeall na bliana 1888. Bhí beirt iníonacha agus mac amháin acu. I gCnuasach Bhéaloideas Éireann, tá cur síos ag an mbailitheoir Proinnsias de Búrca ar an gcéad uair a chas sé le Máirtín, agus é ag iascaireacht, i 1935. De réir de Búrca, is sa 'teach is faide siar sa ngleann', teach idir dhá chnoc, i 'nGleann Tréig, Cloich Bhric' a bhí cónaí ar an teaghlach nuair a thug sé cuairt ar Mháirtín. I 1941, bhí mac pósta agus bean a mhic agus a gclann sa teach céanna leis. Tá ábhar béaloidis uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC. Tá cuntais ag Proinnsias de Búrca ina dhialanna air faoin ainm Máirtín Ó Ceárna (CBÉ, Iml. 343, 25/9/1935.; CBÉ, Iml. 873, 15/7/1941, 20/7/1941).

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/146
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1106
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoDán Dhonncha Mhóir - Máirtín Ó Ceithearnaigh
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1106g1
Céadainm (Canónta)Máirtín
Sloinne (Canónta)Ó Ceithearnaigh
Leagan(acha) eile den chéadainm Níl faisnéis ar fáil.
Leagan(acha) eile den sloinne Níl faisnéis ar fáil.
Contae dúchaisCo. na Gaillimhe
SeoladhGleann Tréig, An Fhairche, Co. na Gaillimhe
Aois67
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheAn Chloch Bhreac, An Fhairche, Co. na Gaillimhe
Baile mór is gaire don áit bhreitheAn Fhairche, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe
OideachasNí bhfuair aon scolaíocht.
Áit dúchais an atharAn Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe
Áit dúchais na mátharAn Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe
Slí bheatha an atharFeirmeoir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeNíl aon teanga eile aige.
In ann léamh?Níl
In ann scríobh?Níl
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaFeirmeoir agus mairnéalach
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Tomás Ó Máille, M. Díolún (= Myles Dillon)
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. Níl faisnéis ar fáil.