Ó Lócháin, Tomás

Nóta beathaisnéise

Ó Lócháin (Lohan), Tomás (Tom, Tam Mheait) (1864-1942): I gCamdhoire, contae na Gaillimhe, a rugadh é sa bhliain 1864. Baisteadh é ar an 9 Eanáir 1864. Ní bhfuair sé mórán scolaíocht fhoirmiúil. B'fheirmeoir a athair, ach nuair a chuir an tiarna talún deireadh lena léas chuaigh sé go Sasana ag obair, agus le himeacht ama thosaigh Tomás ag dul go Sasana leis. De réir na foirme Personal-Bogen, chaith sé 44 bliain i Sasana san iomlán. Nuair a fuair a athair céile bás i 1901 chaitheadh sé tréimhsí mar oibrí feirme ag an tiarna talún nuair a bhíodh sé sa bhaile. Phós sé Máire Ní Chatháin, as Camdhoire, ar an 14 Feabhra 1897. Tá sé le feiceáil mar chliamhain isteach i ndaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000816948/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002392618/]. Is cosúil nach raibh páistí ar bith ag Tomás agus Máire. Baintreach ba ea Tomás tráth a bháis ar an 24 Lúnasa 1942. Cuireadh é i gCill Bheagnait, contae Ros Comáin. Foilsíodh scéalta béaloidis agus dánta uaidh in An t-Éireannach, Ar Aghaidh, Béaloideas, Gearrbhaile agus i dtréimhseacháin eile nach iad. Tá roinnt mhaith ábhar béaloidis a bailíodh uaidh le fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC, chomh maith. Bhí píosa air in An t-Éireannach (28/9/1935), agus d’fhoilsigh Eric Mac Fhinn, ‘An Dá shaol — seanchaí Chamdhoire’ sa pháipéar céanna (2/11/1935), chomh maith le 'Seanchaidhthe chliumhala II. Tom Mheat' in Ar Aghaidh (Feabhra, 1936). Bhí aiste faoina chuairteanna ar Shasana in Ar Aghaidh (Aibreán 1938). Tá breis eolais faoina bheatha sa chuntas iarbháis a scríobh Eric Mac Fhinn air in Béaloideas 12 (Meitheamh-Nollaig, 1942). Féach freisin an nóta beathaisnéise faoi ar Ainm.ie ag http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=758.

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/202
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1176, LA 1178, LA 1179
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoCaitlín Builtéar - Tomás Ó Lócháin
Murchadh Ó Briain - Tomás Ó Lócháin
Sláinte na n-éan - Tomás Ó Lócháin
Leaganacha cainte; Condae Mhaigh Eo - Tomás Ó Lócháin
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1176g1, LA_1178d1, LA_1179g1, LA_1179g2
Céadainm (Canónta)Tomás
Sloinne (Canónta)Ó Lócháin
Leagan(acha) eile den chéadainmTom
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Lohan
Contae dúchaisCo. na Gaillimhe
SeoladhCamdhoire, Tuaim Ard, Na Creaga, Co. na Gaillimhe
Aois68
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheCamdhoire, Tuaim Ard, Na Creaga, Co. na Gaillimhe
Baile mór is gaire don áit bhreitheRos Comáin, Co. Ros Comáin
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6Camdhoire, Tuaim Ard, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20Camdhoire, Tuaim Ard, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20Camdhoire, Tuaim Ard, Co. na Gaillimhe. Chaith 44 bliana i Sasana.
OideachasNí bhfuair aon scolaíocht.
Áit dúchais an atharCamdhoire, Tuaim Ard, Co. na Gaillimhe
Áit dúchais na mátharCamdhoire, Tuaim Ard, Co. na Gaillimhe
Slí bheatha an atharFeirmeoir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBeagán Béarla
In ann léamh?Níl
In ann scríobh?Níl
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaFeirmeoir
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Tomás Ó Máille, Maolra Díolún (= Myles Dillon)
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. Níl faisnéis ar fáil.