Ó Cearbhaill, Tomás
Nóta beathaisnéise
Ó Cearbhaill (Carrol, Carroll), Tomás (Thomas, Tom) (1860-?): I Leitir Brón i gcontae Shligigh a rugadh Tomás Ó Cearbhaill sa bhliain 1860. Baisteadh é ar an 29 Feabhra 1860. Ní bhfuair sé aon scolaíocht fhoirmiúil riamh. Ba iad Tom Carroll, báirseoir agus feirmeoir, agus Bridget Quinn a thuismitheoirí. B'fheirmeoir é féin chomh maith. Is cosúil gur chónaigh sé i Leitir Brón ar feadh a shaoil, cé is moite de thréimhsí a chaith sé i Sasana ag saothrú. Bhí sé ansin le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003878870/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003878870/]. Fuair sé a lán dá chuid béaloidis óna mháthair. Cailleadh ise thart ar 1907. Tá beagán ábhar béaloidis a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC. Luaitear é i ndialann Liam Mhic Choisdealbha i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (Iml. 427, 25/11/1937; 29/11/1937).
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Fireann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/162 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1126 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | Na cait fhiáine - Tomás Ó Cearbhaill |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1126g1 |
| Céadainm (Canónta) | Tomás |
| Sloinne (Canónta) | Ó Cearbhaill |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | Thomas |
| Leagan(acha) eile den sloinne |
|
| Contae dúchais | Co. Shligigh |
| Seoladh | Letterbrone (?), Co. Shligigh |
| Aois | 70 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | Letterbrone (?), Co. Shligigh |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | Sligeach, Co. Shligigh |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | Letterbrone (?), Co. Shligigh |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | Letterbrone (?), Co. Shligigh |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | Letterbrone (?) (Leitir Brón), Co. Shligigh |
| Oideachas | Ní bhfuair aon scolaíocht. |
| Áit dúchais an athar | Letterbrone (?) (Leitir Brón), Co. Shligigh |
| Áit dúchais na máthar | Letterbrone (?) (Leitir Brón), Co. Shligigh |
| Slí bheatha an athar | Báirseoir agus feirmeoir |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Béarla |
| In ann léamh? | Níl |
| In ann scríobh? | Níl |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Tá (fliúit) |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Feirmeoir |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Tomás Ó Máille |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | "Speaker not very good." |
