Breathnach, Tomás (c.1867-?)

Nóta beathaisnéise

Breathnach (Walsh), Tomás (Tomas, Thomas) (c.1867-?): Rugadh Tomás Breathnach ar an gCloch Bhreac, An Fhairche, contae na Gaillimhe, timpeall na bliana 1867. Ba ghaibhne iad a athair agus a dheartháireacha, agus ba mhúinteoir i Scoil Náisiúnta é féin. Fuair sé a chuid bunscolaíochta sa Scoil Náisiúnta ar an gCloch Bhreac, agus ina dhiaidh sin d'fhreastail sé ar scoil ghramadaí. Chuaigh sé go Baile Átha Cliath le cáilíocht a fháil i gcoláiste oiliúna múinteoirí. Cé is moite den seal seo i mBaile Átha Cliath, is cosúil gur chónaigh sé i gcontae na Gaillimhe ar feadh a shaoil: i gCluain Brón, i gCorr na Móna agus ar an gCloch Bhreac, áit a raibh cónaí air le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000836893/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002428555/]. Phós sé Mary Walsh timpeall na bliana 1904. Rugadh cúigear páistí dóibh roimh 1911, ach níor mhair ach ceathrar acu. Tá sé luaite mar sheanchaí in Tomás Ó Máille, Urlabhraidheacht agus Graiméar na Gaedhilge, Cuid 1 (BÁC, 1927). Tá roinnt scéalta béaloidis a soláthraíodh do An Stoc idir Lúnasa 1918 agus Lúnasa 1920 a luaitear 'Tomás Breathnach, gabha' leo. Seans gurbh é seo an fear céanna. Don ábhar béaloidis seo, féach Risteárd de hAe, Clár Litridheacht na Nua-Ghaedhilge (BÁC, 1938-40), innéacs.

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/143
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1103
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoAn mac doscaíoch (cuid 1) - Tomás Breathnach (c.1867-?)
An mac doscaíoch (cuid 2) - Tomás Breathnach (c.1867-?)
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1103d1, LA_1103d2
Céadainm (Canónta)Tomás
Sloinne (Canónta)Breathnach
Leagan(acha) eile den chéadainm Níl faisnéis ar fáil.
Leagan(acha) eile den sloinne Níl faisnéis ar fáil.
Contae dúchaisCo. na Gaillimhe
SeoladhAn Chloch Bhreac, An Fhairche, Co. na Gaillimhe
Aois63
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheAn Chloch Bhreac, An Fhairche, Co. na Gaillimhe
Baile mór is gaire don áit bhreitheBaile an Róba, Co. Mhaigh Eo
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20Cluain Brón; Corr na Móna; An Chloch Bhreac (go léir i gCo. na Gaillimhe).
OideachasScoil Náisiúnta, An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe; scoil ghramadaí (cén áit?); coláiste oiliúna múinteoirí, Baile Átha Cliath
Áit dúchais an atharAn Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe
Áit dúchais na mátharAn Choill Bheag (3 mhíle soir ón gCloch Bhreac, Co. na Gaillimhe)
Slí bheatha an atharGabha
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an Ghaeilge Níl faisnéis ar fáil.
In ann léamh?Tá (Gaeilge, Béarla agus Laidin)
In ann scríobh?Tá (Gaeilge agus Béarla)
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaMúinteoir scoile
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Tomás Ó Máille, L. Ó Buachalla
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl."deep voice"