Ruddy, Sally
Nóta beathaisnéise
Ruddy (Ní Rodaigh), Sally (Saile, Sarah) (Mrs. Pat Coyne, Bean Phádraic Uí Chadhain) (1867-?): I mBaile an Ghleanna, An Líonán, contae na Gaillimhe, a rugadh Sally Ruddy ar an 29 Márta 1867. Ní bhfuair sí aon scolaíocht fhoirmiúil riamh. Ba iad Pat Ruddy, feirmeoir, agus Bridget Baines (Bearns, Baynes) a tuismitheoirí. Bhí sí ina cónaí i nGleann na nGeimhleach, An Líonán, lena teaghlach le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000837911/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002430157/]. Phós sí Pádraic Ó Cadhain (Pat Coyne) timpeall 1888. Faoi 1911, rugadh naonúr páistí dóibh, ach níor mhair ach seisear (iníon amháin agus cúigear buachaillí).
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Baineann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/153 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1114, LA 1115 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | Síos go hIorras - Sally Ruddy An bhean a chaoin (cuid 1) - Sally Ruddy An bhean a chaoin (cuid 2) - Sally Ruddy Tá ceithre coirnéil ar mo leabaidh - Sally Ruddy Uimhreacha - Sally Ruddy |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1114d1, LA_1114d2, LA_1115d1, LA_1115d2, LA_1115d3 |
| Céadainm (Canónta) | Sally |
| Sloinne (Canónta) | Ruddy |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | Saile |
| Leagan(acha) eile den sloinne |
|
| Contae dúchais | Co. na Gaillimhe |
| Seoladh | Gleann na nGeimhleach, An Líonán, Co. na Gaillimhe |
| Aois | 68 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | Baile an Ghleanna, An Líonán, Co. na Gaillimhe |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | An Líonán, Co. na Gaillimhe |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | Baile an Ghleanna, Co. na Gaillimhe |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | Baile an Ghleanna, Co. na Gaillimhe |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | Baile an Ghleanna, Co. na Gaillimhe |
| Oideachas | Ní bhfuair aon scolaíocht. |
| Áit dúchais an athar | Bun Dorcha, An Líonán, Co. na Gaillimhe |
| Áit dúchais na máthar | Baile an Ghleanna, An Líonán, Co. na Gaillimhe |
| Slí bheatha an athar | Feirmeoir |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Béarla |
| In ann léamh? | Níl |
| In ann scríobh? | Níl |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | "Obair feirmeora" |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Tomás Ó Máille, Myles Dillon |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | "Clear high voice. Sometimes too fast in speaking." |
