Ó Cionnfhaolaidh, Mícheál

Grianghraif

Mícheál Ó Cionnfhaolaidh (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas
                  Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)
Mícheál Ó Cionnfhaolaidh (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)

Nóta beathaisnéise

Ó Cionnfhaolaidh (Ó Cionnfhaola, Kenneally, Kinnelley), Mícheál (Míhál, Michael) (1887-1956): Sa Pháirc ar Chnocán an Phaoraigh i bparóiste na Rinne, contae Phort Láirge, a rugadh é ar an 26 Feabhra 1887. Is ansin a bhí sé le linn dhaonáireamh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai001246857/]. Ba iascaire é a athair Dónall agus ba í Siobhán Carey a mháthair. Ba é Mícheál an t-aon duine amháin clainne acu. Ba mhúinteoir é, post a thug go contae Luimnigh é ar feadh trí bliana (1908-11). Is i gCaisleán Uí Chonaill, contae Luimnigh a bhí sé lonnaithe i rith dhaonáireamh 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002739693/]. Ina dhiaidh sin bhog sé go Baile Átha Í, contae Chill Dara, ar feadh trí bliana eile, agus go cathair Phort Láirge ar feadh bliana sular fhill sé ar an Rinn. Bhí dlúthbhaint aige le Coláiste na Rinne, ag teagasc sna cúrsaí samhraidh ann idir 1912 agus 1952. Toghadh ina bhall den choiste stiúrtha é chomh maith i 1915. Ceapadh ina mhúinteoir i Scoil na Leanbh sa Rinn é nuair a bunaíodh í i 1919. Bhí sé ina bhall de Shinn Féin agus d'Arm na Poblachta in iarthar Phort Láirge. Phós sé Bríd Ní Nuanáin as Baile na nGall. Bhí beirt iníonacha agus ochtar mac acu. Foilsíodh an chéad leabhar leis i 1922, agus scríobh sé neart leabhar scoile, beathaisnéisí agus cnuasaigh scéalta ina dhiaidh sin. Fuair Mícheál bás ar an 18 Lúnasa 1956. Don ábhar béaloidis a bailíodh uaidh féach Risteárd de hAe, Clár Litridheacht na Nua-Ghaedhilge (BÁC, 1938-40), innéacs. Tá ábhar a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (COBÁC) chomh maith. Tá cuid mhaith eolais faoi Mhícheál Ó Cionnfhaolaidh cruinnithe ar an suíomh Ainm.ie ag http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=496. Tá breis eolais beathaisnéise ar fáil i bpíosa a scríobh a mhac Dónall faoi in An Linn Bhuí 4 (2000), agus san alt 'Mícheál Ó Cionnfhaolaidh' a scríobh Muiris Budhlaeir in An Linn Bhuí 9 (2005).

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/15, Doegen P-B/16
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1045, LA 1046
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoAn mac scaiptheach - Mícheál Ó Cionnfhaolaidh
Uimhreacha - Mícheál Ó Cionnfhaolaidh
Mallacht na saor chloch - Mícheál Ó Cionnfhaolaidh
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1045d1, LA_1045d2, LA_1046d1
Céadainm (Canónta)Mícheál
Sloinne (Canónta)Ó Cionnfhaolaidh
Leagan(acha) eile den chéadainmMíhál
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Ó Cionnaola
Contae dúchaisCo. Phort Láirge
SeoladhAn Rinn, Co. Phort Láirge
Aois40
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheAn Rinn, Co. Phort Láirge
Baile mór is gaire don áit bhreitheDún Garbháin, Co. Phort Láirge
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6An Rinn, Co. Phort Láirge
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20An Rinn, Co. Phort Láirge
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 203 bliana i gCo. Luimnigh; 3 bliana i gCo. Chill Dara; bliain i gcathair Phort Láirge; an chuid eile sa Rinn, Co. Phort Láirge.
OideachasBunscoil agus Coláiste na Rinne, Co. Phort Láirge
Áit dúchais an atharAn Rinn, Co. Phort Láirge
Áit dúchais na mátharAn Rinn, Co. Phort Láirge
Slí bheatha an atharIascaire agus feirmeoir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Tá (Gaeilge agus Béarla)
In ann scríobh?Tá (Gaeilge agus Béarla)
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaMúinteoir
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Tadhg Ó Donnchadha, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl."h/ka mit w[eich] klirrend[em] vibrat dunkl[em] Einschlag. Nasalisierte Laute. stimmlose Kehlaute." (Wilhelm Doegen)