Ó Colláin, Seán

Nóta beathaisnéise

Ó Colláin (Ó Coileáin, Collins), Seán (John) (c.1858-?): Sa Pháirc, Cor an Dola, contae na Gaillimhe, a rugadh Seán Ó Colláin timpeall na bliana 1858. Fuair sé a chuid bunscolaíochta i Scoil na mBráithre de la Salle i gCor an Dola. B'fheirmeoir a athair agus b'fheirmeoir é féin chomh maith. Bhí sé ina chónaí sa Pháirc lena theaghlach le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000814722/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002452076/]. Phós sé a bhean chéile, Mary, timpeall na bliana 1888. Rugadh naonúr páistí dóibh roimh 1911, ach níor mhair ach seachtar acu. Bhailigh Liam Mac Coisdealbha ábhar béaloidis uaidh sa bhliain 1938 nuair a bhí sé thart ar 80 bliain d'aois. Fuair sé a lán dá chuid scéalta óna athair. Tá breis ábhar béaloidis a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC.

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/183
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1151
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoBrat agus teagasc Bhríde - Seán Ó Colláin
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1151g1
Céadainm (Canónta)Seán
Sloinne (Canónta)Ó Colláin
Leagan(acha) eile den chéadainmJohn
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Collins
Contae dúchaisCo. na Gaillimhe
SeoladhAn Pháirc, Cor an Dola, Co. na Gaillimhe
Aois72
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheAn Pháirc, Cor an Dola, Co. na Gaillimhe
Baile mór is gaire don áit bhreitheGaillimh
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6An Pháirc, Cor an Dola, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20An Pháirc, Cor an Dola, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20An Pháirc, Cor an Dola, Co. na Gaillimhe
OideachasBunscoil, Scoil na mBráithre de la Salle, Cor an Dola, Co. na Gaillimhe
Áit dúchais an atharAn Pháirc, Cor an Dola, Co. na Gaillimhe
Áit dúchais na mátharCathair na Gaillimhe
Slí bheatha an atharFeirmeoir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an Ghaeilge Níl faisnéis ar fáil.
In ann léamh?Tá (Béarla)
In ann scríobh?Tá (Béarla)
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaFeirmeoir
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Tomás Ó Máille
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. Níl faisnéis ar fáil.