Brún, Séamus
Nóta beathaisnéise
Brún (de Brún, Browne), Séamus (James) (1911-2003): I gCorr na Móna, contae na Gaillimhe, a rugadh Séamus Brún ar an gcéad lá de mhí Dheireadh Fómhair 1911. Chuaigh sé ar an mbunscoil i gCorr na Móna agus fuair sé scoláireacht a thug go Coláiste Chonnacht, Tuar Mhic Éadaigh, é. Is ansin a cháiligh sé mar mhúinteoir. Go dtí 1944 bhí sé ag teagasc i gcontae Shligigh. Idir 1944 agus 1977 is i Ros Comáin a bhí sé lonnaithe. Bhí sé ina bhall de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann (ina uachtarán air 1970-3), de Choiste Oireachtas na Gaeilge, de Chomhairle Raidió na Gaeltachta agus d’Fhianna Fáil. Rinneadh Seanadóir de i 1977. Ball den Phainéal Cultúrtha agus Oideachais a bhí ann le linn 1982-3. Bhí sé ina bhall de Choiste na Gaeilge i dTithe an Oireachtais chomh maith. Bronnadh Gradam an Phiarsaigh air i 1993, Gradam an Oireachtais i 2002 agus Gradam Chomhaltas Ceoltóirí Éireann an bhliain chéanna. Phós sé Bríd Ní Eadhra i 1944. Bhí beirt mhac agus iníon amháin acu. Fuair Séamus bás ar an gcúigiú lá de mhí an Mhárta 2003 in Ospidéal Réigiúnda Luimnigh. Cuireadh é i Reilig Naomh Seosamh sa Chaisleán Riabhach. Tá eolas bheathaisnéise faoi ar Ainm.ie ag http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1535. Foilsíodh cuntais iarbháis air in Lá (14 Márta 2003), san Irish Times (15 Márta, 2003) agus in Foinse (16 Márta 2003).
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Fireann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/165 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1129 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | An Trá Bhán - Séamus Brún |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1129d1 |
| Céadainm (Canónta) | Séamus |
| Sloinne (Canónta) | Brún |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | James |
| Leagan(acha) eile den sloinne |
|
| Contae dúchais | Co. na Gaillimhe |
| Seoladh | Corr na Móna, Co. na Gaillimhe |
| Aois | 19 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | Corr na Móna, Co. na Gaillimhe |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | Gaillimh |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | Corr na Móna, Co. na Gaillimhe |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | Corr na Móna, Co. na Gaillimhe |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | Níl faisnéis ar fáil. |
| Oideachas | Bunscoil, Corr na Móna, Co. na Gaillimhe |
| Áit dúchais an athar | Corr na Móna, Co. na Gaillimhe |
| Áit dúchais na máthar | Doire Chuais /Doire Mháis (?), Co. Mhaigh Eo |
| Slí bheatha an athar | Feirmeoir |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Béarla |
| In ann léamh? | Tá (Gaeilge agus Béarla) |
| In ann scríobh? | Tá (Gaeilge agus Béarla) |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl (amhránaíocht thraidisiúnta amháin) |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Múinteoir |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Tomás Ó Máille |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | "Hell" |
