Sliabh na mBan - Labhrás Ó Cadhla


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Ní chloisim véarsa ó lon ná ó chéirseach,
Ní thagann féartha isna coillte glas,
Nín[1] aon suim ag an maighdean i ngreann ná i bpléisiúr
Ach ag gol agus ag béiceadh is a réabadh bas -
Mar nár tháinig an major i dtús an lae chughainn,
Ní rabhamar féineach i gcóir ná i gceart
Ach mar a sheolfaí aoire le góil go dtí an aonach
Ar thaobh na gréine de Shliabh na mBan.

Mo léan léir ar an dream gan éifeacht
Nár dh'fhan le héirim ins an oíche is stad
Go mbeadh dúthaí Déiseach agus íochtair Éirinn
Ag triall lena chéile ón tír aneas,
Go mbeadh a gcampaí déanta le fórsaí tréana -
Bheadh cúnamh Dé linn 's an saol ar fad,
Ó, is ní dhíolfadh meirligh de mhuintir Néill sinn
Mar bhuailfaí caoch iad ar Shliabh na mBan.

'S nach mó fear aosta agus buachaill gléigeal
Ón am go céile do ghabhadh le seal
Go bhfuil cordaí caola ag baint lúth a ngéag díobh
I ndoinsiúin dhaora go doimhin fí[2] ghlas,
Gardaí taobh leo ná leomhfaí sméid(eadh) orthu
A dhéanfadh plé dhóibh i dtír thar lear
Dá dtabhairt saor ón namhaid gan bhaochas
In am an tsaothair ar Shliabh na mBan.

Tá an Francach faobhrach le loingeas gléasta
Fé chrannaí géara ar muir le seal;
Sé a síorscéal go bhfuilid ag triall go hÉirinn
Is go gcuirfid siad na Gaeil bhochta arís 'na gceart;
'Á mba dhóigh liom féineach gur fíor an scéal san
Bheadh mo chroí chomh héadrom le (...).

Aistriúchán

I don't hear a verse from blackbird, cock or hen,
No grass grows green in the woods,
The maiden has no interest in mirth or pleasure
But crying and shouting and wringing her hands -
Because the Major didn't come to us at daybreak,
We weren't properly prepared there at all
But like a drover would be sent to the fair
On the sunny side of Slievenamon.

My geat woe to the useless crowd
Who did not wait wisely in the night and stop
So that the Decies and the lower part of Ireland
Would be journeying together from the south,
That their camps would be made with strong forces -
God's help and all the people would have been with us,
Oh, and traitors from among the Ó Néills wouldn't have sold us out,
Because they would be beaten blind on Slievenamon.

And it's many an old man and bright boy
Who were arrested recently from time to time
That thin ropes are removing the agility of their limbs
In imprisoning dungeons securely locked,
Guards by their side that you wouldn't dare glance at
And who wouldn't plead for them overseas
To free them despite the enemy
In the time of the test on Slievenamon.

The keen Frenchman has a fleet ready
With its sharp masts out at sea for some time;
Their constant refrain is that they are coming to Ireland
And that they will set things right again for the poor Gaels;
If I thought myself that story was true
My heart would be as light as a (...).

Fonótaí

= níl. Cf. Seán Ua Súilleabháin, 'Gaeilge na Mumhan', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 479-538: 533. (Back)
= faoi/fé. (Back)

Tráchtaireacht

Cumadh an t-amhrán cáiliúil seo i gcuimhne an éirí amach a tharla ar Shliabh na mBan i ndeisceart Thiobraid Árann ar an 23 Iúil 1798 le linn Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe. Amhrán mór é sna Déise agus is sampla maith é an taifeadadh seo de stíl shean-nóis an cheantair sin. Cuireadh leaganacha i gcló sna foilseacháin seo: John O'Daly agus George Sigerson, The poets and poetry of Munster (2ú sraith, BÁC, 1860); Máighréad Ní Annagáin agus Séamus de Chlanndiolúin, An Londubh (BÁC, 1904); Pádraig Breathnach, Ár gCeol Féinig (BÁC, 1920); agus Duanaire Déiseach (BÁC, 1978), bailiúchán d'amhráin, de dhrámaí agus de scríbhinní Niocláis Tóibín (1890-1966). Bhain an t-amhrán cáil mhór amach sa dara leath den aois seo caite, a bhuíochas sin go háirithe ar Nioclás Tóibín (1928-94), nia an Niocláis a luadh thuas, a thug an t-amhrán go dtí lucht éisteachta níos leithne tríd an bpáirt a ghlac sé i gCeoltóirí Chualann Sheáin Uí Riada sna 1960í. Meastar go mb'fhéidir gur chum píobaire darbh ainm Seáinín Ó Curraoin (Gort na Daibhche, Co. Phort Láirge) an ceol (féach na nótaí a ghabhann leis an dlúthdhiosca Nioclás Tóibín: amhráin aneas, Gael-Linn, 2007).

Teideal i mBéarla: Slievenamon
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Labhrás Ó Cadhla as Co. Phort Láirge
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 03-09-1928 ag 13:25:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Taifeadta ar 03-09-1928 ag 13:25:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1032d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:36 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1032d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:36 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1032d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:32 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1032d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:32 nóiméad ar fad.