Is fada dhom ar buaireamh - Diarmaid Ó Luineacháin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Is fada dhom ar buaireamh ar tuairisc mo ghrá
I gcoillthibh dubha in uaigneas 'om ruagairt chun fáin
A tuairisc ní bhfuaireas cé gur chuardaíos a lán
Ó gheataíbh na tuaithe[1] go bruach gheal na trá.

Nach aoibhinn dos sna héiníní d'éiríonn go hard
Do luíonn lena chéile ar aon ghéigín amháin
Ní mar sin dom féin is dom chéad míle grá
Gur fada óna chéile orainn d'éiríonn an lá.

Tá mo chulaith phósta 'na stróicíocha liom síos
Níl pingin im póca ná feoirling, fóraíor
Do tháinig (próiseas) nó dhó chugham (lenar ólas-sa don mí)
Is é mo lá leoin ná fuilim óg seal arís.

Aistriúchán

I'm a long time troubled searching for word of my beloved
In black woods in loneliness driving myself astray
I have heard nothing of her although I searched a great deal
From the gates of the countryside to the bright edge of the shore.

How lovely for the little birds that rise up on high
That lie down together on one little branch
Unlike me and my hundred thousand times beloved
Who are far from each other when the day breaks.

My wedding suit is hanging off me in strips
I haven't a penny in my pocket nor a farthing, alas
I received a summons(?) or two for all I drank during the month (?)
And it's my great affliction that I'm not young again a while.

Fonótaí

Leg. tuatha? (Back)

Tráchtaireacht

Foilsíodh an t-amhrán grá seo faoin teideal 'Réidh-Chnoc Mná Sighe' in John O'Daly, The poets and poetry of Munster (BÁC, 1850), 216-19. Tá aistriúchán le James Clarence Mangan dar teideal 'The Dark Fairy Rath' le fáil anseo freisin, agus deir O'Daly gurbh é George Roberts a chum an t-amhrán. D'fhoilsigh Cormac Ó Cadhlaigh an t-amhrán faoin teideal 'Réidh-Chnoc Mná Duibhe' in Irisleabhar na Gaedhilge 14 (Márta 1904). Bhailigh A.M. Freeman trí leagan dhifriúla den amhrán a foilsíodh in Journal of the Folk-Song Society 23:6 (1920), 154-8. Bhailigh sé dhá leagan ó Chonny Ó Cochláin, Doire na Sagart, contae Chorcaí, agus leagan eile ó Pheig Ní Dhonnchú, Baile Mhic Íre, contae Chorcaí. Chuir Freeman trí fhonn éagsúla don amhrán i gcló agus tugann sé aon cheann déag de véarsaí éagsúla ar fad. Tá na trí véarsaí atá á gcasadh ar an taifeadadh seo le fáil i leagan malgamaithe Freeman mar véarsaí 1, 9, agus 6. Chuir An tAthair Pádraig Breathnach leagan eile den amhrán ar fáil in Fuínn na smól (BÁC, 1913), 24-5. Tugtar fonn eile don amhrán in Máighréad Ní Annagáin agus Séamus de Chlanndiolúin, Londubh an Chairn (Oxford, 1927), 19-20. Tá sé le fáil freisin in Dáithí Ó hÓgáin, Binneas thar meon 1: a collection of songs and airs made by Liam de Noraidh in east Munster (BÁC, 1994), 213-14. Le haghaidh plé ar na nósanna agus an creideamh a bhaineann le síogaithe atá le fáil san amhrán seo, féach Londubh an Chairn, 11, agus nóta Ríonach uí Ógáin ar lch 12 den leabhrán a ghabhann le Beauty an Oileáin: music and song of the Blasket Islands (Ceirníní Cladaigh, 1992).

Teideal i mBéarla: Long have I been troubled
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Diarmaid Ó Luineacháin as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 06-09-1928 ag 16:00:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Taifeadta ar 06-09-1928 ag 16:00:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1058d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:21 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1058d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:21 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1058d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:19 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1058d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:19 nóiméad ar fad.