A Dhonncha, is léan liom - Pádraig Ó Ceallaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

A Dhonncha, is léan liom do scéalta le n-insint
Gur iompaís ód thréad is go lucht an Bhéarla (d'umhlaís),
(Go dtugais) Bíobla an éithigh, (an t-aon) mhasla d'Íosa,
Ná raibh aon (bhrí ann do mhnaoi) mhánla (gurb í máthair gheal Chríost í),
Cuimhnigh is machnaigh ar bheatha na naomh,
Agus níl ag an gconairt ach (dlithe gur) claon,
Ar mhúscailt na maidne b'fhé' gur in ifreann scóltha
Do bheadh cóiriú ar do leabaidh 's nach i bhflaitheas na (glóire).

Iarrse na grásta ar an Slánaitheoir Naofa
Is ar an Maighdean mhilis mhánla do bhí lámh leis mar chéile
Mar is í a chonaic sa Pháis é go cráite tinn céasta
Mar a bheadh rí amadánta ag an ngarda (dhá dhaoradh),
Dortadh a chuid fola ar an gcrois, ar a ghruaig,
A ghéaga dhá cheangal gan taise gan trua,
Creidse go bhfágfair gan (sámhnas) an saol so,
Gur charaid lá an ghátair dhuit Máthair an Aonmhic.

Tá m'intinn go buartha 's níl suaimhneas aon lae orm
Ó chuala gur ghluaisis le cuallacht an Bhéarla
Mar (gur shílíos) gur buachaill ciúin stuamtha mall séimh thú,
Gur róbhreá an dualgas do fuarais ón Aonmhac,
Ná díol ar (bhreib) dhamanta gan (f)ís gan aon chlaon
Mar is róghearr do chairt nó do lón ar an saol,
Cuimhnigh ar an lá úd a bheidh sliocht Adam ar aonchnoc
Ná bíodh fearg na ngrást geal le háiteamh i t'éadan.

Tá an Diach so róghnóthach, is dócha gur fíor é
Gur stiúraigh sé an ród tú gan chomhairle ód mhuintir,
Go (dtógais) an choróin gheal do (gheobhaimis ár gcian) dúinn,
Céad moladh go deo leis na (comhachta gur dhíolais),
Fill ar do charaid agus glacfar tú arís,
Ná díol áras na ngrás geal ar fhálthas an tsaoil,
Bíodh cathú ar do chroí istigh á insint 'od chomharsain
Ar do bholg Dé hAoine gur dhíolais a ghlóire.

Ar shaibhreas ná ar (thobhal)achaibh ná ar fheoil Aoine an Chéasta
Is ná scar leis an nglóire ar shócmhainní an tsaoil seo
Ach iompaigh do chóta is go deo ní bheidh baol ort,
Iarrse na comhachta, do gheobhair iad ón Aonmhac,
Beidh Mícheál is Peadar i do charaid lá an bháis,
Baintiarna na bhFlaitheas do thógfaidh tú ar láimh,
Beir an Sacraimín Naofa mar éarnaist chuin Críost leat,
Bíodh an olla ar t'éadan is an scéimh ainglí ort.

Aistriúchán

Denis, my grief it is to tell your story
That you turned from your tribe and humbled yourself (?) to the English speakers,
That you swore (?) by the false Bible, the one insult to Christ,
That gave no meaning to the gentle woman who was the bright mother of Christ (?),
Think of and remember the lives of the saints,
And all the dogs have is unjust laws (?),
At morning's awakening it might be in scorching hell
That your bed will be made and not in glorious (?) heaven.

Ask for grace from the Holy Saviour
And from the precious sweet Virgin who was as a wife beside him
Because it was she who saw him in his Passion, tormented, sore, suffering
Like a king of fools condemned(?) by the guard,
His blood was spilled on the cross, on his hair,
His limbs tied without kindness or pity,
Believe that you will leave this life without respite(?),
That your friend in your day of need is the Mother of the Only Son.

My mind is tormented and I don't have a day's peace
Since I heard that you were moving among the speakers of English
Because I thought(?) you were a quiet sensible soft slow boy,
That you got a fine reward (?) from the Only Son,
Don't sell out for a damned bribe(?) without just vision (?)
Because your time (?) in this life is too short,
Think of that day when the descendants of Adam are on one hill
Don't have the anger of the bright glory to be seen on your forehead.

This Devil is too busy, it is probably true
That he directed you on this road without the advice of your parents,
That you took(?) the silver crown ... (?),
Praise be forever to the powers you betrayed (?),
Return to your friends and you will be accepted again,
Don't betray the house of mercy for the profit of this life,
Feel regret in your heart when you tell your neighbours
That you betrayed his glory for [to fill] your belly [with soup] on Friday.

For riches or food(?) or meat on Good Friday
For the assets of this life don't part from the glory [of God],
But turn your coat and you will never be in danger,
Seek the powers (?), you will get them from the Only Son
Michael and Peter will be your friends on the day of death,
The Lady of Heaven will take you in hand,
Bring the Holy Sacrament as a pledge to Christ,
Have the oil on your forehead and the angelic look.

Tráchtaireacht

Bhailigh Mícheál Ó Cuilleanáin leagan níos faide den amhrán seo agus d'fhoilsigh faoin teideal 'Comhairle an Athar Dáth Ó Briain do Dhonchadh Ó Súilleabháin' é in Timire an Chroí Naofa (Márta 1912), 39-40. San amhrán, cáineann an tAthair Dáth Ó Briain Donnchadh Ó Súilleabháin toisc gur iompaigh sé a chreideamh agus impíonn sé air dul siar ar a chinneadh. Bhailigh Coimisiún Bealoideasa na hÉireann roinnt leaganacha den amhrán sna 1930idí agus sna 1940idí in iarthar Chiarraí agus i gCorcaigh, leagan ón amhránaí reatha, Padraig Ó Ceallaigh, san áireamh. Is féidir teacht orthu seo i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, Coláiste na hOllscoile, BÁC.

Teideal i mBéarla: I grieve, Denis
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó Ceallaigh as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 11-09-1928 ag 10:30:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 11-09-1928 ag 10:30:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1067d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:33 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1067d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:33 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1067d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:30 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1067d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:30 nóiméad ar fad.