Buachaill aimsire Dhonncha Uí Bhriain - Tomás Ó Dálaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí buachaill aimsire ann fadó ag caitheamh a shaoil ag tuilleamh ó am go ham gach bliain. Fé dheireadh do bhí sé lá áirithe ag déanamh trinse i dtalamh (chun go) scaoilfeadh an t-uisce as. Agus do (ghoill) an lá go mór air. Agus dúirt sé nuair a dh'fhéach sé thairis ar an ghréin:

"Brón ort, a ghrian," arsa eisean,
"(Murar) maith í do thriall
Ní rabhais-se riamh in aimsir.
Dá gcaithfeá-sa bliain
Le Donncha Ó Briain" - b'in é ainm an mháistire -
"Rachfá-sa siar ar (chea)(...)."

Aistriúchán

There lived a servant boy long ago who spent his life earning from time to time every year. In the end he was one day digging a trench in the ground so that (?) the water would drain from it. And the day (...) him immensely. And he said as he looked up at the sun:

"Sorrow on you, sun," he said,
"If your journey is not good (?),
You were never in service.
If you spent a year
With Donncha Ó Briain" – that was the master's name -
"You would go back to (...).

Tráchtaireacht

Sa bhéaloideas, is éard atá sa 'chaismirt mhagaidh' ná insint i bhfoirm próis agus véarsaíochta faoi seach. Tugtar rann-scéal ar leagan áirithe den saghas seo scéil atá an-choitianta agus ina bhfaightear véarsa i ndiaidh an phróis a dhéanann achoimre ar na heachtraí nó a chuireann conclúid leo, ar bhealach glic go minic. Tá an-tóir orthu sa traidisiún Gaelach, agus de ghnáth is le filí agus le filíocht á cumadh gan ullmhú a bhaineann siad. Féach Donald Haase (eag.), The Greenwood encyclopedia of folktales and fairytales (3 iml, Westport, Ct., 2008), iml. 1, 158.

Is léir go bhfuil gaol ag na blúiríní de rann-scéal atá anseo le scéal eile i mbailiuchán Doegen, is é sin le rá 'Buachaill aimsire cortha dá bheatha'. Faightear an sampla anseo ag tús na hinsinte agus is éard atá ann ná leagan Éireannach den scéal idirnáisiúnta béaloidis ATU 1416 The mouse in the silver jug. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Sna leaganacha idirnáisiúnta, lánúin a bhíonn ag cnáimhseán mar gheall ar a saol, agus a mhallachtaíonn Ábha agus Éabha. Tairgeann pátrún saibhir saol sóúil dóibh, ach gan árthach áirithe a oscailt. Géilleann siad don chathú, áfach, agus éalaíonn luch nó éan amach as an árthach nuair a osclaítear é. Tá an mhóitíf lárnach dar teideal C324 Tabu: looking into jug sa scéal, chomh maith le H1554.1 Test of curiosity: mouse in jug. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe., 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8). Tá áit lárnach ag na móitífeanna i malairt leagain as Éirinn den scéal céanna, ina n-éilíonn duine naofa nach n-osclófaí árthach, agus nuair a bhristear an t-ordú, tagann lucha nó francaigh amach. Úsáidtear é mar scéal cúiseolaíoch a mhíníonn cad as ar tháinig lucha nó francaigh, agus is minic a shamhlaítear é le Naomh Mártan as Tours. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968).

Teideal i mBéarla: Denis O'Brien's servant-boy
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Tomás Ó Dálaigh as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 13-09-1928 ag 17:05:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 13-09-1928 ag 17:05:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1089d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:37 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1089d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:37 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1089d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:35 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1089d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:35 nóiméad ar fad.