An buachaill aimsire cortha dá bheatha - Tomás Ó Dálaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí buachaill aimsire ann fadó a bhí ag obair ó am go ham aige[1] máistrí crua. Fé dheireadh, fuair sé cortha dá bheatha agus don saol acu. Agus dúirt sé aon tráthnóna amháin nuair a bhraith sé go raibh an máistir ag éisteacht leis: "Mo mhallacht ort, a Adam," ar seisean, "agus mo dhá mhallacht ort, a Éabha. Breá an saol a bheadh agam mara mbeadh sibh. Agus táim (bhur n-eascaine) anso insa trinse seo ó cheann ceann na bliana."

"Tá an ceart agat," arsa an máistir á fhreagairt, "agus is mithid duit feabhsú a chur ar do chuid oibre. Tar liomsa anois agus beidh saol maith agat ar feadh do shaoil arís. Beir(ir) mar mhaor os chionn mo chuid fear agus ní gá dhuit lá oibre do dhéanamh feasta."

Chuaigh sé in éineacht leis. Chuir sé isteach i seomra é, é féin agus a bhean. Thug sé ceart an tseomra ins an iomlán dóibh ach aon rud amháin a bhí ar an mbord. Adúirt leis: "Ná dein oiread agus bain(t) leis sin," ar seisean, "ach bíodh an chuid eile agat."

Mar sin a bhí. Chuir an bhean suas é féach' cad a bhí fén mbosca. Sa deireadh thiar thall ghéill sé dhi. Thóg sé an bosca is pé rud a bhí ann d'imigh sé. Ar an láthair sin do tháinig an máistir.

"Cad é seo déanta agat?" ar seisean. "Mheasas go raibh an chuid eile dhon seomra fairsing do dhóthain. Agus gan baint leis sin. Anois," a dúirt sé, "téir mar a rabhais cheana. Níl áit eile sa tsaol oiriúnach duit ach é."

Aistriúchán

Long ago there lived a servant boy who worked from time to time for hard masters. In the end he got fed up with his living and with his life with them. And one evening when he thought the master was listening to him he said: "My curse on you Adam," he said, "and my double curse on you, Eve. What a fine life I would have if it wasn't for you. And I am cursing you both (?) here in this trench from the start of the year to the end."

"You are right," said the master, answering him, "and it is time for you to improve your work. Come with me now and you will have a good life again for the rest of of your days. You will be (?) the foreman over all my men and you will not have to work another day from now on."

He went along with him. He put him in a room, himself and his wife. He gave them access to everything in the room except for one thing which was on the table. He said to him: "Don't even touch that," he said, "but have everything else."

That's how it was. The woman urged him to see what was under the box. In the end he yielded to her. He lifted the box and whatever was in it escaped. At that very moment the master came.

"What is this you have done?" he said. "I thought the rest of the room was enough for you. And not to touch that. Now," he said, "go where you were before. No other place in this world suits you but it."

Fonótaí

= ag. (Back)

Tráchtaireacht

Seo leagan Éireannach de scéal idirnáisiúnta béaloidis, ATU 1416 The mouse in the silver jug. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Sna leaganacha idirnáisiúnta, lánúin a bhíonn ag cnáimhseán mar gheall ar a saol, agus a mhallachtaíonn Ábha agus Éabha. Tairgeann pátrún saibhir saol sóúil dóibh, ach gan árthach áirithe a oscailt. Géilleann siad don chathú, áfach, agus éalaíonn luch nó éan amach as an árthach nuair a osclaítear é. Tá an mhóitíf lárnach dar teideal C324 Tabu: looking into jug sa scéal, chomh maith le H1554.1 Test of curiosity: mouse in jug. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8). Tá áit lárnach ag na móitífeanna seo i malairt leagain as Éirinn den scéal céanna, ina n-éilíonn duine naofa nach n-osclófaí árthach, agus nuair a bhristear an t-ordú, tagann lucha nó francaigh amach. Úsáidtear é mar scéal cúiseolaíoch a mhíníonn cad as ar tháinig lucha nó francaigh, agus is minic a shamhlaítear é le Naomh Mártan as Tours. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968).

Teideal i mBéarla: The servant-boy who tired of his job
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Tomás Ó Dálaigh as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 13-09-1928 ag 17:45:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 13-09-1928 ag 17:45:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1090d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:24 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1090d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:24 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1090d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:22 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1090d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:22 nóiméad ar fad.