A Mháire óg na gcian - Pádraig Breathnach


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Ó, a Mháire óg na gcian (do mhór-chuimrí) Dia,
Ná hísligh is ná hardaigh, ná fuiling mé i bpian,
Gluais liom faoin tsliabh san áit a (gcodlaíonn) an fia,
Ó, sna gleanntaí ag déanamh lionn dubh, ó, is gur leat a chaill mé mo chiall.

Gheofainn go leor, lucht síodaí agus sróil,
An muislín ag dul le gaothaigh is an fáinne buí óir,
Ní leofa a bhím ag (gabháil) ach leat, ó, a mhíle stór,
A (cheolshearc) an Iarla Antroim, ó, is tú an brainse fionn óir.

Aistriúchán

Oh, young Mary of the sorrows (...),
Don't lower and don't raise, don't let me remain in pain,
Go with me to the mountain where the deer sleeps(?),
To the glens in sorrow, oh! it is you who caused me to loose my sense.

I could get plenty, people of silk and satin,
Muslin blowing in the wind and the ring of yellow gold,
It is not with(?) them I (...) but with(?) you, my darling,
O love(?) of the Earl of Antrim, oh, you are the fair golden branch.

Tráchtaireacht

Tá an t-amhrán grá seo le fáil i bhfoilseacháin éagsúla faoi theidil éagsúla, mar shampla: 'Máire Óg na gCliabhann', 'Máire Óg na gCian', 'Bríghid Óg na gCiabh', 'Bríghid Nic Dhómhnaill' agus 'The Fourth Song for Bridget Cruise'. Foilsíodh seacht véarsa, a raibh dhá cheann acu cosúil leis na cinn atá ar an taifeadadh seo in Micheál Ó Tiománaidhe, Abhráin Ghaedhilge an Iarthair (BÁC, 1906), uimh. 13. Féách eagrán nua William Mahon: Amhráin Ghaeilge an Iarthair (Indreabhán 1992), 27. Bhailigh Patrick Lynch leaganacha den amhrán go luath sa 19ú haois. Féach Colette Moloney, The Irish music manuscripts of Edward Bunting 1773-1843: an introduction and catalogue (BÁC, 2000), 208, 223, 283. D'fhoilsigh Edward Bunting fonn dar teideal 'Máire Óg na gCliabh' in The ancient music of Ireland (BÁC, 1840), 49. Leagann lámhscríbhinní áirithe an t-amhrán seo ar an gcláirseoir aitheanta Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin (1670–1738) agus tugtar 'The Fourth Song for Bridget Cruise' air uaireanta. Féach Donal O'Sullivan, Carolan (2 iml., Londain, 1958), iml. 1, 180). Tá sé le fáil faoin teideal 'Bríghid Óg na gCiabh' in Tomás Ó Máille, Amhráin Chearbhalláin (Londain, 1915), 233. Leagann foinsí údarásacha eile ar an bhfile Séamas Mac Cuarta (c.1650–1732/3) é. Féach Lorcán Ó Muireadhaigh, Amhráin Sheumais Mhic Chuarta: an cheud chuid (Dún Dealgan, 1925), 80-2. Le haghaidh tuilleadh plé féach Donal O'Sullivan, Carolan, iml. 2, 21-2, agus Donal O'Sullivan agus Mícheál Ó Súilleabháin, Bunting’s ancient music of Ireland (Corcaigh, 1983), 105-6.

Teideal i mBéarla: Young Mary of the sorrows (?)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Breathnach as Co. Mhaigh Eo
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 10-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 10-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1120d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:50 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1120d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:50 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1120d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:48 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1120d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:48 nóiméad ar fad.