Cathach Cholm Cille - Pádraig Mac Meanman


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Tuairim le trí chéad bliain ó shoin, díbríodh Gaeil agus Caitligigh Chúige Uladh [1] isteach go Connachta le hordú rialtas Shasanaí. Agus tháinig buinne mór acu isteach anuas go Condae Mhaigh Eo. Lean siad lorg na gcnoc gur dibríodh isteach iad go Gleann Dhúchaill, gleann coilleadh a bhí ann (...) agus chaith siad trí blianaí ansin. Bhí siad ag tabhairt creachannaí as Acaill agus as Baile Chruaich, ag tíocht suas ar bheithígh is ar chaoirigh na tíre go ceann thrí mblian. Scab siad síos ar fud pharáiste Bhaile Chruaich ansin. Agus an mhuintir a scab, bhí Cú Choigrí[2] Ó Cléirigh orthu. Is aige a bhí seilbh leabhra Cholm Cille. Agus bhí deartháir dhó ann, Cairbre. Bhí an bheirt acu ina gcónaí i mBaile Chruaich. Ach fuaigh Chú Choigrí, Cú Choigrí go Cill Dhoinn. Chónaigh sé ansin. Thóg sé teach. Thóg sé garraí, feilm, agus tá an áit le feiceál go fóill ag fear ar bith. Tá a gharraí ansin mar an gcéanna a dtugthar[3] Garraí Chú Choigrí air. Agus tá an tobar uisce, fíoruisce, ann a dtugthar Tobar Chú Choigrí air. D'fhan Cairbre i mbaile a dtugthar (Bealach an Mhianaigh) air.

Le linn an ama, d'fhág Cú Choigrí Cill Dhoinn agus d'fhan roinn dá, fear dá chlainn ann [4] agus d'fhág sé na leabhraí aige. Agus an uair a bhí an mac ag fáil réidh leis na leabhra, ní tháinig le fear ar bith seilbh na, an leabhair seo a bheith aige, Cathach Cholm Cille, ach fear a mbeadh trí nó ceathair dho theangthacha aige agus é in ann an leabhar a léamha. Thiocfadh mí-ádh nó mí-rath eicínt air féin nó ar a mhuintir ná ar a áit mur, mur mbíodh sé saor ó pheacadh agus mur mbíodh sé ábalta an leabhar a léamha mar ba ceart.

Nuair a bhí sé ag fáil réidh leis an leabhar thug sé dho dh'fhear[5] dho mhuintir Fhithchille í lena choiméad. Agus choinnigh an fear sin í nó go rabh a am féin caití léithi agus ní rabh aon nduine dhá mhuintir féin in ann a coinneál ná a (...) (tráth) fada. Agus thug sé dho Mhánus Ó Dhónaill é, an fear a scríobh Beatha Cholm Cille, fear as Tír Chonaill mar an gcéanna. Agus an uair a bhí an fear sin ag fágáil Bhaile Chruaich, thug sé dho dh'fhear arbh ainm dhó Séamas Ó Catháin bhí ina chónaí ar an Bhun Mhór. Bhí sé ina bháillí ag Síol nDálaigh Bhaile Uí Fhiacháin agus a fhad agus bhí an leabhar i seilbh an fhir sin tháinig strainséaraí fir isteach go Baile Chruaich nach rabh ariamh roimhe ann. Ach bhí sé ina mhórscólaire i nGaeilic agus i mBéarla agus i dteangthachaí eile. Agus badh é ainm a bhí air Dónall Cam Ó Gallchóir. Bhí sé ina mháistir scoile agus chualaidh sé go rabh Cathach Cholm Cille ag an gCathánach. Agus fuaigh sé go dtí é go bhfuair sé cead uadh[6] an leabhar a fhoscailt agus dearcadh inti agus bhí sé in ann roinn daoithe a léamha ar aon nós. Agus an uair a d'fhoscail sé an leabhar agus a léigh sé roinn daoithe, cébí páirt daoithe a léigh sé, ach tháinig mí-ádh lena linn ar Shíol nDálaigh Bhaile Uí Fhiacháin agus fuair fear acu bás.

Aistriúchán

Around three hundred years ago, the Gaels and Catholics of Ulster were banished to Connacht by order of the government of England. And a great wave of them came down into County Mayo. They went along the hills until they were banished into Dooghill valley, it was wooded glen then (?), and they spent three years there. They raided Achill and Ballycroy, and lived off the cattle and sheep of the land for three years. Then they spread down all over the parish of Ballycroy. And among the people who spread down there was Cú Choigrí Ó Cléirigh. He was the one who had Colum Cille's books in his possession. And a brother of his, Cairbre, was there. The two of them were living in Ballycroy. But Cú Choigrí went to Cill Dhoinn. He settled down to live there. He built a house. He built a garden, a farm, and the place is still there for anyone to see. His garden, called Cú Choigrí's Garden, is still there too. And the well, the spring well, called Cú Choigrí's Well is there. Cairbre stayed in a village called Bealach an Mhianaigh (?).

In that time, Cú Choigrí left Cill Dhoinn and one of his sons stayed there and he left him his books. And when the son was finished with the books, no man could own the books, this book, the Cathach of Colum Cille, but a man who had three or four languages and who was able to read the book. He or his family or the place where he lived would have some sort of bad luck or misfortune, if he wasn't free of sin and if he wasn't able to read the book properly.

When he was giving the book away he gave it to a man who was a Fehilly to keep. And that man kept it until his time was up and none of his own people were able to keep it or (...). And he gave it to Maghnus Ó Domhnaill, the man who wrote the Life of Colum Cille, a man from Tyrconnell as well. And when that man was leaving Baile Chruaich, he gave it to a man who was called Séamas Ó Catháin who was living in Bunmore. He was a bailiff with the O'Donnells of Newport and while the book was in that man's possession a stranger came to Ballycroy who had never been there before then. And he was a great scholar of Irish and English and other languages. And his name was Dónall Cam ('crooked') Ó Gallchóir. He was a schoolmaster and he heard that Ó Catháin had the Cathach of Colum Cille. And he went to him and got permission from him to open the book and look inside and he was able to read some of it at any rate. And when he opened the book and read some of it, which ever part of it he read, the O'Donnells of Newport had great misfortune at that time and one man amongst them died.

Fonótaí

Maidir leis an mbéim san fhocal seo cf. Éamonn Mhac an Fhailigh, The Irish of Erris, county Mayo (BÁC, 1968; athchló 1980), § 266. (Back)
= Cú Choigríche. (Back)
= dtugtar. Cf. Ruairí Ó hUiginn, 'Gaeilge Chonnacht', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 539-609: 582. (Back)
Leg. ionn? Cf. Ruairí Ó hUiginn, op. cit., 599; Éamonn Mhac an Fhailigh, op. cit., § 37. (Back)
= d’fhear. Ruairí Ó hUiginn, op. cit., 599. (Back)
= uaidh. (Back)

Tráchtaireacht

D'fhéadfaí a áireamh gur sampla den stairsheanchas é an cuntas seo, ina dtugtar cuntas ar na daoine éagsúla a raibh an lámhscríbhinn chlúiteach ar ar tugadh Cathach Cholm Cille ina seilbh acu. Luaitear roinnt daoine sa scéal, ach ní mór a réitíonn a bhfuil sa chuntas seo le stair na lámhscríbhinne mar is eol do staraithe é. Deirtear go raibh sí ina sheilbh ag Mánas Ó Domhnaill, agus is léir ón téacs go n-áirítear gurb é sin an Mánas Ó Domhnaill céanna a scríobh Beatha Cholm Cille sa bhliain 1533. Féach Anraí Mac Giolla Chomhaill, Sleachta as Betha Colaim Chille a thiomsaigh Mánas Ó Dónaill (BÁC, 1981). Luann an scéalaí teaghlaigh a raibh an lámhscríbhinn ina seilbh, agus is éard atá anseo ná cur síos ar ról an chomharba, nó an té a d'fhaigheadh iarsmaí le hoidhreacht, nós a shíneann siar go dtí tréimhse na meánaoise luaithe. San am atá thart, samhlaíodh an post seo le muintir Uí Dhomhnaill agus le muintir Mhic Robhartaigh i gcontae Dhún na nGall. Cuireadh an lámhscríbhinn féin isteach i gcumhdach san aonú céad déág, agus is iad Cathbharr Ó Domhnaill, taoiseach na nDónallach agus Domhnall Mag Robhartaigh, ab Cheannanas, a d'ordaigh go ndéanfaí seo. Tógadh an leabhar ó Éirinn go mór-roinn na hEorpa sa seachtú céad déag, agus chuir Daniel O'Donnell cumhdach eile air i bPáras sa bhliain 1723, cumhdach airgid an uair seo. Féach M. Joynt, 'The Cathach of St. Columba', The Irish Church Quarterly 10:39 (1917), 186-204: 187. Tugadh ar ais go hÉirinn ar deireadh é san ochtú céad déag agus d'fhan sé i seilbh mhuintir Dhomhnaill go dtí gur bronnadh é ar Acadamh Ríoga na hÉireann. Féach Michael Herity, 'The return of the Cathach to Ireland: conflicting accounts of the repatriation of the Cathach from the continent' in Alfred P. Smyth (ed.), Seanchas: studies in early and medieval Irish archaeology, history and literature in honour of Francis J. Byrne (BÁC, 2000), 454-64. Tugann an traidisiún le fios gur ceapadh nár chóir an cumhdach a oscailt agus an leabhar a léamh. Féach Martin McNamara, The psalms in the early Irish church (Sheffield, 2000), 29. Cé go raibh drochamhras ar dhaoine, d'oscail an scoláire Sir William Betham, Mórmhaor Armais Uladh, é sa bhliain 1810. Féach William Betham, Irish antiquarian researches (BÁC, 1826), 110. Míníonn an tuairim gur bhain mí-ádh leis an gcumhdach a oscailt agus an leabhar a léamh, míníonn sé an eipeasóid sa scéal atá anseo againn, ina dtagann mí-ádh ar mhuintir Dhomhaill i ndiaidh dóibh cead a thabhairt do scoláire an Cathach a léamh.

Teideal i mBéarla: Saint Columba's 'Battler'
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Mac Meanman as Co. Mhaigh Eo
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 11-09-1930 ag 12:10:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 11-09-1930 ag 12:10:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1127d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:54 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1127d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:54 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1127d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:51 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1127d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:51 nóiméad ar fad.