Tréigeann an fhéile - Stiofán Ó hEilíre


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Do bhí fear fadó ann agus bhí sé bocht. Agus bhí go leor muintearais aige. Ach ní raibh aon mhéin acu (a dhéanamh) aon mhaitheasa dhó. Agus do shuigh sé síos lá dhá laethanta. "Muise," a dúirt sé,

"Tréigeann an fhéile agus fuaraíonn an grá,
Ní héifeacht éinne gan gustal 'na láimh,
Agus níl gaol ag éinne le duine gan aird."

Aistriúchán

There was a man long ago and he was poor. And he had many relations. But none of them had any mind to do any good for him. And he sat down one of the days. "Well," he said,

"Hospitality is forsaken and love cools,
Someone without wealth in his hand is no good,
And no-one is related to an unheeded person."

Tráchtaireacht

Sa bhéaloideas, is éard is brí le caismirt mhagaidh ná insint i bhfoirm próis agus véarsaíochta faoi seach. Tugtar rannscéal ar leagan áirithe den saghas seo scéil atá an-choitianta agus ina bhfaightear véarsa i ndiaidh an phróis agus a dhéanann achoimre ar na heachtraí nó a chuireann conclúid leo, ar bhealach glic go minic. Tá an-tóir orthu sa traidisiún Gaelach, agus de ghnáth is le filí agus le filíocht á cumadh gan ullmhú a bhaineann siad. Féach Donald Haase (eag.), The Greenwood encyclopedia of folktales and fairytales (3 iml., Westport, Ct., 2008), iml. 1, 158. Is cosúil go raibh tóir ar leith orthu i measc na bhfaisnéiseoirí as cúige Mumhan atá i mbailiúchán Deogen. Tá leagan den scéal seo, dar teideal 'Fear a bhí ruite bocht', cláraithe in Séamus Ó Duilearga, Leabhar Stiofáin Uí Ealaoire (BÁC, 1981), 294.

Teideal i mBéarla: The forsaking of hospitality
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Stiofán Ó hEilíre as Co. an Chláir
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 18-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 18-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1162g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:28 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1162g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:28 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1162dd2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:28 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1162dd2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:28 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1162g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:27 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1162g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:27 nóiméad ar fad.