McEvey, Brigid
Nóta beathaisnéise
McEvey (Bean Mhic a' Bheithigh, Kilroy), Brigid (Brighid) (c.1861-?): Rugadh Brigid McEvey (née Kilroy) sa Choraidh, contae Shligigh, timpeall na bliana 1861. Feirmeoir a bhí ina hathair. Fuair sí beagán bunscolaíochta. Bhí sí ina cónaí sa Choraidh lena teaghlach le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003877771/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003276102/]. Phós sí George McEvey as Baile Átha Cliath timpeall 1888. Rugadh cúigear páistí dóibh, ach níor mhair ach ceathrar acu. Thug an bailitheoir béaloidis Liam Mac Coisdealbha cuairt uirthi i 1937. Bhí sí bodhar faoin am sin. Tá roinnt ábhar béaloidis a bailíodh uaithi ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC, mar a bhfuil dialann Mhic Coisdealbha le fáil freisin (CBÉ, Iml. 427, 18/11/37; 22/11/37).
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Baineann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/189 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1158 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | An fear beag riabhach rua (cuid 1) - Brigid McEvey An fear beag riabhach rua (cuid 2) - Brigid McEvey Maidin fhómhair is mé ag triall go hEochaill - Brigid McEvey |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1158g1, LA_1158g2, LA_1158g3 |
| Céadainm (Canónta) | Brigid |
| Sloinne (Canónta) | McEvey |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | Brighid |
| Leagan(acha) eile den sloinne |
|
| Contae dúchais | Co. Shligigh |
| Seoladh | An Choraidh, Baile Chathail, Co. Shligigh |
| Aois | 69 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | An Choraidh, Baile Chathail, Co. Shligigh |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | Baile Chathail, Co. Shligigh |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | An Choraidh, Baile Chathail, Co. Shligigh |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | An Choraidh, Baile Chathail, Co. Shligigh |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | An Choraidh, Baile Chathail, Co. Shligigh |
| Oideachas | Beagán bunscolaíochta |
| Áit dúchais an athar | An Choraidh, Baile Chathail, Co. Shligigh |
| Áit dúchais na máthar | Maigh Locha, An Choraidh, Co. Shligigh |
| Slí bheatha an athar | Feirmeoir |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Béarla |
| In ann léamh? | Tá (Béarla) |
| In ann scríobh? | Tá (Béarla) |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Bean feirmeora |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Maolra Díolún (= Myles Dillon), Tomás Ó Máille |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | "First part (1) interupted and resumed. Language rather corrupt." (Myles Dillon) |
