Ó Conaill, Seán

Grianghraif

Seán Ó Conaill (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An
                  Coláiste Ollscoile, BÁC)
Seán Ó Conaill (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)
Seán Ó Conaill (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An
                  Coláiste Ollscoile, BÁC)
Seán Ó Conaill (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)

Nóta beathaisnéise

Ó Conaill (Connell), Seán (John, John D, Seán Dhónaill Mhuiris) (1853-1931): I gCill Rialaigh, gar do Bhaile an Sceilg, contae Chiarraí, a rugadh é ar an 21 Eanáir 1853, dar le Séamas Ó Duilearga. Ní bhfuair sé aon scolaíocht riamh, agus níor labhair sé focal Béarla. B'fheirmeoir a athair, Dónall. Le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000856811/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002472047/], bhí Seán ina chónaí i gCill Rialaigh lena theaghlach. B'fheirmeoir é. Níor thaistil sé níos faide ó bhaile ná Cill Orglan riamh. Phós sé Cáit Ní Chorráin as paróiste na Dromad in 1882. Bhí seisear mac agus ceathrar iníonacha acu. De réir dhaonáireamh 1911, níor mhair ach seisear dá bpáistí. Fuair Seán bás ar an 21 Bealtaine 1931, agus cuireadh é i Mainistir Mhichíl i mBaile an Sceilg. Don ábhar béaloidis a bailíodh uaidh féach Risteárd de hAe, Clár Litridheacht na Nua-Ghaedhilge (BÁC, 1938-40), innéacs. Tá ábhar a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (COBÁC) chomh maith. Tá cuid mhaith eolais faoi Sheán Ó Conaill cruinnithe ar an suíomh Ainm.ie ag http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=499. Tá breis eolais faoina bheatha ar fáil in Séamus Ó Duilearga, 'In memoriam Seán Ó Conaill, seanchuí (1853-1931)', Béaloideas (Meitheamh, 1931). Féach chomh maith Séamus Ó Duilearga, Leabhar Sheáin Í Chonaill (BÁC, 1948). Tá an saothar seo aistrithe go Béarla ag Máire MacNeill, faoin teideal Seán Ó Conaill’s book: stories and traditions from Iveragh (BÁC, 1981).

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/39, Doegen P-B/40, Doegen P-B/41
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1069, LA 1070, LA 1071
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoSíoman na mbróg (cuid 1) - Seán Ó Conaill
Síoman na mbróg (cuid 2) - Seán Ó Conaill
An tÁivé Máiria - Seán Ó Conaill
Sagart Ghleanna Beithe - Seán Ó Conaill
Rann le Tomás Rua Ó Súilleabháin - Seán Ó Conaill
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1069d1, LA_1070d1, LA_1070d2, LA_1071d1, LA_1071d2
Céadainm (Canónta)Seán
Sloinne (Canónta)Ó Conaill
Leagan(acha) eile den chéadainm Níl faisnéis ar fáil.
Leagan(acha) eile den sloinne Níl faisnéis ar fáil.
Contae dúchaisCo. Chiarraí
SeoladhBaile an Sceilg, Co. Chiarraí
Aois75.5
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheBaile an Sceilg, Co. Chiarraí
Baile mór is gaire don áit bhreitheCathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
OideachasNí bhfuair aon scolaíocht.
Áit dúchais an atharBaile an Sceilg, Co. Chiarraí
Áit dúchais na mátharBaile an Sceilg, Co. Chiarraí
Slí bheatha an atharFeirmeoir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeNíl aon teanga eile aige.
In ann léamh?Níl
In ann scríobh?Níl
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaFeirmeoir
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Osborn Bergin, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl."mh/ha mit dunkl[em] weich[em] Einschlag, geringe stimmlose Konsonanz, nasalierend, mittlere Stimmkraft." (Wilhelm Doegen)