Ó Loingsigh, Amhlaoibh

Nóta beathaisnéise

Ó Loingsigh (Ó Luínse, Lynch), Amhlaoibh (Humphrey, Free, Fruí) (1872-1947): Duine de sheanchaithe móra a linne. I gCúil Aodha, contae Chorcaí, a rugadh é ar an 8 Nollaig 1872, agus is ansin a bhí sé ina chónaí lena theaghlach le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000546894/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai001973009/]. Conchúr (nó Canaí Mháire Ní Dhuinnín) ab ainm dá athair agus ba í Neil Ní Dhuinnín ó Chlaoideach, contae Chiarraí, a mháthair. Bhí beirt deartháireacha agus seachtar deirfiúracha aige. Chuaigh Amhlaoibh ar scoil i gCúil Aodha. Fuair sé áitreabh a athar mar oidhreacht agus phós sé Máire Ní Ríordáin ó Chluain Tí Cairtigh i gCill na Martra agus bhí beirt mhac agus beirt iníon acu. Bhuaigh Amhlaoibh duaiseanna sa scéalaíocht ag Feis Inse Geimhleach (1899) agus ag Feis Bhaile Bhuirne (1900). Ba é a bhuaigh an chéad duais riamh sa scéalaíocht ag Oireachtas na Gaeilge sa bhliain 1901. Fuair sé bás ar an 24 Eanáir 1947. D'fhoilsigh Comhairle Bhéaloideas Éireann dhá chnuasach d'ábhar béaloidis a bailíodh uaidh: Seán agus Donncha Ó Cróinín (eag.), Scéalaíocht Amhlaoibh Í Luínse (BÁC, 1971) agus Seán agus Donncha Ó Cróinín (eag.), Seanachas Amhlaoibh Í Luínse (BÁC, 1980). Tá roinnt mhaith ábhair a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (COBÁC) chomh maith. Tá breis eolais faoina bheatha le fáil sna saothair sin agus in Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, Beathaisnéis (9 n-iml., BÁC, 1986-2007) nó ar Ainm.ie ag http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=755.

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/3, Doegen P-B/4
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1033, LA 1034
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoAn mac scaiptheach - Amhlaoibh Ó Loingsigh
Seán gadaí - Amhlaoibh Ó Loingsigh
Eascaine Liam na Buile - Amhlaoibh Ó Loingsigh
Uimhreacha - Amhlaoibh Ó Loingsigh
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1033d1, LA_1034d1, LA_1034d2, LA_1034d3
Céadainm (Canónta)Amhlaoibh
Sloinne (Canónta)Ó Loingsigh
Leagan(acha) eile den chéadainmFree
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Ó Luinse
  • Lynch
Contae dúchaisCo. Chorcaí
SeoladhCúil Aodha, Co. Chorcaí
Aois55
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheCúil Aodha, Co. Chorcaí
Baile mór is gaire don áit bhreitheMaigh Chromtha, Co. Chorcaí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6Cúil Aodha, Co. Chorcaí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20Cúil Aodha, Co. Chorcaí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20Cúil Aodha, Co. Chorcaí
OideachasBunscoil, Cúil Aodha, Co. Chorcaí
Áit dúchais an atharCúil Aodha, Co. Chorcaí
Áit dúchais na mátharClaoideach (Claedeach), Co. Chiarraí
Slí bheatha an atharFeirmeoir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Tá (Béarla)
In ann scríobh?Tá (Béarla)
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaFeirmeoir
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Tadhg Ó Donnchadha, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. Níl faisnéis ar fáil.