Ó Conchúir, Séamas
Tue, 11/29/2011 - 15:40 | by Eoghan
Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.
Nóta beathaisnéise
Ó Conchúir (Connor), Séamas (James) (c.1849-?): In Ard an Aonaigh, paróiste Chill Airne, contae Chiarraí, a rugadh é timpeall na bliana 1849. D'fhreastail sé ar an mbunscoil gar d'Ard an Aonaigh. B'fheirmeoir a athair, agus b'fheirmeoir é féin freisin. Phós sé a bhean chéile, Bridget, thart ar 1880. Bhí cúigear mac agus triúr iníonacha acu. Bhí sé ina chónaí in Ard an Aonaigh lena chlann le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000869946/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002534651/].
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Fireann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/31 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1061 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | An capall sa bhféith - Séamas Ó Conchúir Paidir an Tiarna; an tÁivé Máiria - Séamas Ó Conchúir |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1061d1, LA_1061d2 |
| Céadainm (Canónta) | Séamas |
| Sloinne (Canónta) | Ó Conchúir |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | Níl faisnéis ar fáil. |
| Leagan(acha) eile den sloinne | Níl faisnéis ar fáil. |
| Contae dúchais | Co. Chiarraí |
| Seoladh | Ard an Aonaigh, Cill Airne, Co. Chiarraí |
| Aois | 79 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | Ard an Aonaigh, Co. Chiarraí |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | Cill Airne, Co. Chiarraí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | Ard an Aonaigh, Co. Chiarraí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | Ard an Aonaigh, Co. Chiarraí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | In aice le hArd an Aonaigh, Co. Chiarraí |
| Oideachas | Bunscoil, gar d'Ard an Aonaigh, Co. Chiarraí |
| Áit dúchais an athar | Ard an Aonaigh, Co. Chiarraí |
| Áit dúchais na máthar | Ard an Aonaigh, Co. Chiarraí (?) |
| Slí bheatha an athar | Feirmeoir |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Béarla |
| In ann léamh? | Tá (Gaeilge agus Béarla) |
| In ann scríobh? | Tá (Béarla) |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Feirmeoir |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Osborn Bergin, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | "nasalisierte Laute s sche/ha m[it] w[eichem] Einschlag geringer Stimmkraft, geringer stimmloser Konsonanz." (Wilhelm Doegen) |
